Stair ghairid ar na paitinní

Print page iconPriontáil

1606

I bhforógra ríoga sa bhlian 1606,  chuir an rí Seamus 1 (ríogacht 1603-1625) deireadh le feidhmiú  Dlíthe na mBreithiún  in Éirinn,  agus chuir sé an Dlí Comónta Shasana ina  náit.  Chuir sé gach monaplacht a bhí i réim ag an am ar ceal agus d’fhógair sé nach mbéadh cead a núsáid feasta ach le haghaidh ‘tionscnimh nua-chumtha’.   Cuireadh é seo isteach sa  Statute of Monopolies  1623 (  Reacht na Monaplachtaí) inar chuir an Pharlaimint srian ar an chumhacht ríoga, sa dóigh nach mbéadh cead feasta ag an Rí litreacha paitinne a thabhairt do chumadóirí nó  lucht nochta aireagáin  nua ach le haghaidh tréimhse teoranta de bhlianta.

Bhí an  cleactas  seo i  dtaobh monaplachtaí déantúsaíochta bunaithe  ar litreacha paitinne ón  gcoróin i  bhfeidhm in Éireann fosta. 

Le linn  réimeas na banríona Áine ( 1702-14) tháinig athrú ar na  rialacha nuair a cuireadh gá le cuntas scríofa ar an aireagán nua.  ‘ Caithfidh an cumadóir cuntas scríofa a dhéanamh ar mhianach an aireagáin,  agus  ar  mhódh  a úsáidte’.


1852

Ba shuarach méid na bpaitinní ar deanadh iarratas orthu in Eireann sa 17ú agus san 18ú aois  mar gheall ar chastacht agus costas an chórais.  Roimh 1852 bhéadh ar an chumadóir iarrataisí faoi leith i dtaobh na naireagán  a chur go dtí an coróin  i  Sasana, sa Bhreatain Bheag, in  Alban agus in Éirinn ina raibh céimeanna ilchineálacha  le sárú acu roimh deonadh paitinne.  Sa Patent  Law Amendment Act 1852 ( Acht um Leasú Dlí na  bPaitinní) íslíodh an dleacht stampa ar iarrataisí, cuireadh Paitinní na hÉireann ar ceal agus cuireadh stiúradh na bPaitinní sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn i lámha Oifig nua na  bPaitinní i Londain.  
 
1883-1927

Lean reacht na Ríochta  Aontaithe,  le hathruithe sa bhlian 1883 (  Acht um Paitinní agus Dearaí) agus sa bhlian 1907 (nuair a cuireadh scrudú i bhfeidhm sula mbéadh glacadh le clárú)  go dtí bunú Saorstát Éireann sa bhlain 1921.  Ghlac an stát  nua le reacht na Ríochta Aontaithe a fhaid is nach ndeacaidh sé in aghaidh an Bhunreachta.  Ach bhí  bearna ann bainteach le paitinní mar ní  raibh aon chóras ag an Stát chun paitinní a dheonú nó trádmharcanna nó dearaí a chlárú.

Tugadh aghaidh ar é seo in Aibrean na bliana 1925 nuair a cuireadh an Bille um Maoin  Tionscail agus Trádála os comhair na Dála. 

Ghlac Saorstát Éireann leis  an Chonbhinsin Idirnáisiúnta  um  Chosaint Maoin Tionscail ar an 4ú Nollaig 1925.  I ndiaidh plé ar an bhille thuas ag coiste Oireachtais deineadh leasú air agus cuireadh ceann nua chuig an Dáil i mí  Iúil 1926.

1926
Cuireadh an Bille 1926 i  bhfeidhm mar an Acht um Chosaint Maoin Tionscail agus Trádála, 1927  agus bunaíodh Oifig Éireannach na bPaitinní  lena a ceannárus ag 45 Cearnóg Mhuirfean, Baile Atha Cliath 2 faoi stiúr Ceannaire na bPaitinní, Dearaí agus Trádmharc.  Taobh amuigh de Acht beag leasaithe sa bhlian 1929, do mhair  Acht na bliana 1927 i réim go dtí 1964.

1928

Sliocht as an chéad phaitinn gur cláraíodh faoi Acht um (Chosaint) Maoin Tionscail agus Trádála, 1927.

 

Image Of first Patent

Sonrú ar Phaitinn uimh. 10001

Dáta iarratais, 18ú Eanair, 1928.

Dáta glactha an tsonraithe iomlán,
18ú  Aibreán ,1929

Dáta deonta faoi Mhír, 12,s.s.2. ( U.S.A.)
8ú Nollaig, 1925.

iarratas ar phaitinn  ó Hannah Mary Smith, 
banriarthóir  estát de chuid 
Owen  Patrick Smith (nach maireann).

Tideal:- Cásanna scaoilteáin le haghaidh con 
agus a  leithéad

 

Sliocht  as an chéad  Tuarascáil Bhliantúil.

‘ Is mó an tsuim atá  ag lucht aireageán sa tír seo i rásaí na gcon. Do ba ó shaoránaigh na hÉireann a thánaigh  na  hiarrataisí ar fad bainteach leis an spórt coitianta seo.’

Ní thig liom ligint don tuarascáil seo críochnú gan trácht ar rud nach beag a  thabhacht ó  thaobh Reacht Bunreachtúla agus Stair na bPaitinní.  Deonadh an chéad phaitinn faoi chumhacht an Acht um ( Chosaint) Maoin Tionscail agus Trádála, 1927 i Mí na  Bealtaine 1929.  Do ba é seo an chéad phaitinn a deonadh ag údarás  sa tír seo nach raobh faoi scáth Coróin na Breataine.

(síniú) Edward A. Cleary
Ceannasaí

Tuarascáil reachtúil de chuid Cheannasaí Maoin Tionscail agus Trádála 1930.   

1964

Chuir an tOireachtas Acht nua ar phaitinní i bhfeidhm sa bhlian 1964 chun dlí na  hÉireann a bheireadh céim ar  chéim le dlíthe na dtírthe móra tionscalaíochta.

In áit an natha a bhí i réim go dtí sin sa tír seo i.e. ‘aireagán nár nochtaíodh sa Stát cheana’  chuir  an tAcht 1964 an cionceap  ‘ nuaíocht chomhchoitianta’ i réim, sé sin aireagán  nár nochtaíodh in áit ar bith sa  chruinne go dtí sin.

1992

Is é Acht  na  bPaitinní, 1992 an reachtaíocht is  déanaí atá i bhfeidhm sa tír seo.  Go bunúsach ba le haghaidh aitheantas a thabhairt ar Choinbhinsin  Eorpach na bPaitinní (CEP) agus an Patent  Co-operation Treaty (Conradh Comhréir na bPaitinní ) a bhí an an t-Acht seo.  Ina theannta san chuir sé modhanna éifeachtúla nua ar scrúdú na bpaitinní  i bhfeidhm chomh maith le deis paitinní gearr-théarmach a fháil ( a raibh tréimhe 10 mbliana orthu).

1998

Aistríodh Oifig na bPaitinní go dtí Cill Chainnigh ar an Luan 31ú Lúnasa 1998, mar chuid de Chlár Dílárnú an Rialtais ach coinníodh fo-oifig eolais in mBaile Átha Cliath.