C. Céard é Trádmharc?
F. Sé atá ann ná aon chomhartha ar leith a léiríonn go graificeach idirdhealú idir earraí nó seirbhísí de chuid trádálaí amháin ó chinn eile m. sh. Kit Kat, Guinness, Coca-Cola.
C. Cén cineálacha trádmharcanna atá ann?
F. Tá an gnáth cheann i bhfoirm focail, mana agus nó pictiúr
Tá trádmharc cnuasach ann a dearbhaíonn caighdeán ar earraí nó seirbhísí. Níl cead ag sealbhóirí an trádmhairc seo láimh a chur i dtrádáil sna herraí/seirbhísí faoina réim.
Sraith de thrádmharcanna - ní bhíonn ach mion-difríochtí eatortha
Trádmharc trí-thomhaiseach Bíonn é seo i gceist nuair is cruth earra nó táirge nó a phacáistiú ar a bhfuil an clárú ag teastáil
C Cén costas atá ar chlárú Trádmhairc?
F. tá táille €70 ar iarratas atá aimsithe ar rang amháin ( Tá an cláriris roinnte i ranganna atá dírithe ar réimsí faoi leith mar shampla, leigheas, earraí leictrónach, bia srl.) Tá táille €70 ar gach rang breise atá luaite san iarratas. Má sheasann an t-iarratas bíonn táille cláraithe €177 le n-íoch. Ansin gach 10 mbliana bíonn táille athnuacháin de €250 ar rang amháin chomh maith le €125 ag gach rang breise de réir an Achta. Má fhostaíonn tú gníomhaire trádmhairc nó dlíodóir gearrfaidh siadsan a gcuid táillí féin ort chomh maith.
C. Canathaobh a chlarófá trádmharc?
F. Cuidíonn an clárú lena chosaint ar éinne eile a bhéadh ag iarraidh é a úsáid gan cead uait.
C. An gcaifear trádmharc a chlárú?
F. Níl aon chall ort ó thaobh an dlí de, ach mura gcláraítear é bíonn sé i bhfad níos deacra agus níos costasaí ceann neamhchláraithe a chosaint.
C. Cén fad a ghlacann sé ceann a chlárú?
F. Mura fhaigheann an cigire locht air agus mura gcuirtear ina aghaidh, de ghnáth bíonn tréimhse 6 mhí sa chóras cláraithe.
C. Má chláraím an lógó i ndubh agus bán an gclúdaíonn é sin a mhacasamhail sna dathanna ar fad nó an gcaithfidh mé dathanna eile ar mhian liom a úsáid a chur san iarratas?
F. Tá an clárú sa Chláriris bailí ar na dathanna san iarratas agus orthu siúd
amháin. Mar sin fhéin luíonn a mhacasamhail de mharcanna faoi scáth do chuid cearta sáraithe rud a chuirfeadh in iúl go mbéadh cosaint agat ar an lógó céanna i ndathanna eile
C An féidir liom ainm gan lógó a chlárú?
F. Faoin Acht is féidir aon chomhartha a chlárú. Is focail, lógóanna nó meascán díobh atá sa chuid is mó des na trádmharcanna cláraithe. Is féidir focal, litir nó lógó a chlárú ina aonair nó meascán ar bith díobh a chlárú le chéile.
C. Má tá stadas trádmhairc áirithe i ndiaidh bheith bainte den gcláriris, an bhféadfainn iarratas nua dá leithéad a chur isteach nó an mbéadh an t-iarshealbhóir i ndán cur in aghaidh mo iarratais?
F. Mura n-athnuatar an clárú glactar leis go bhfuil sé i ndiaidh dul in éag. Mar sin fhéin, cuireann muid tréimhse 6 mhí ar fáil don sealbhóir le haghaidh athnuachán déanach a dhéanamh (ar a bhfuil táille breise le n-íoch aige/aici). Mar a tharlaíonn i ngach cas a fhograítear san Iris , bhéadh tréimhse 3 mhí ann ina dtoicfadh leis an iarshealbhóir (no éinne eile) cur in aghaidh an iarratais nua.
C. Tá mo thrádmharc i ndiaidh dul in éag. An dtig liom é a aiseagrú?
F. Tig leat cinnte, a fhad is a dhéanann tú an t-iarratas aiseagruithe taobh istigh de 6 mhí i ndiaidh foilsiú dul in éag an thrádmhairc san Iris (a fhoilsíonn an Oifig gach coicís). Bhéadh táille aiseagraithe de €125 le n-íoch chomh maith leis an gnáththáille athnuacháin.
C. Tá Trádmharc cláraithe agam. An dtig liom é a athrú agus an clúdach a choinneáil?
F. Faoi alt 49(1) de Acht na dTrádmharc tig leis an sealbhóir (sa dóigh atá leagtha síos san Acht) iarratas a dhéanamh chun cur leis nó athrú beag a dhéanamh ar an trádmharc in aon bhealach nach gcuireann isteach ar a aitheantas bunúsach; Caithfear an t-iarratas a chur i scríbhinn,in éineacht leis an táille cuí €60, faoi bhráid an Cheannasaí agus is faoina thoilsan a bhéas sé glacadh leis nó diultiú don iarratas.
C Caithin an úsáidim an siombal ‘TM’ nó an ® ?
F. Tig leat an siombal ‘TM’ a úsáid am ar bith bíodh go bhfuil sé cláraithe nó nach. Sí an chiall atá leis ná go bhfuil an t-úsáidóir ag éileamh gur thrádmharc atá sa chomhartha bíodh sé focal, frása, pictiúr, lógó, litir, uimhir, cruth, dath, fuaim, cumhrán nó aghaidh pacáiste. Ní thig le héinne an siombal ® a úsáid ach amháin ar thrádmharc cláraithe.
C. An gcosnaíonn mo chlárú Éireannach an trádmharc thar lear?
F. Ní théann cearta cláruithe Éireannacha thar teorainn na tíre seo agus is amhlaidh a bhfuil sé in aon tír eile ina fhaigheann tú clárú ann. Ach, má tá suim agat cosaint a fháil i dtíortha eile san Eoraip in aon iarratas amháin, tiocfadh leat Trádmharc Pobail Eorpach (TPE) a lorg. Más réimse domhanda a bhéadh uait tiocfadh leat iarratas a chur chuig an World Intellectual Property Organisation /WIPO (An t-Eagras Domhanda de Mhaoin Intleachtúil! a eagraíonn trádmharcanna idirnáisiúnta ar leibhéal domhanda faoi scáth conradh idirnáisiúnta (Dréachtchonradh Madrid).
C Cén buntáistí a bhaineann le trádmharc Pobail Eorpach/Trádmharc Idirnáisiúnta?
F. Tá an córas Trádmharc Pobail Eorpach ( TPE) i bhfeidhm san Aontas Eorpach agus tugann sé deis don iarrthóir iarratas a cur isteach le haghaidh trádmharc sna tíortha ar fad san Aontas in aon bhuile amháin ( níl cead tíortha faoi leith a phoicadh agus cinn eile a fhágáil ar lár).
Tá Dréachtchonradh Madrid faoi riar ag búró an World Intellectual Property Organisation ( An t-Eagras Domhanda um Maoin Intleachtúil) atá suite i Geneva san Éilbhéis. Faoin gcóras seo tig le duine iarratas amháin in aon teanga amháin ar aon tsraith amháin táillí ( sé an franc Éilbhéiseach an t-aonad airgid a íochtar). Faoin gcóras WIPO is féidir tír/tíortha áirithe a phiocadh agus cinn eile a fhágáil as an iarratas (rud nach dtig leat a dhéanamh faoin TPE thuas).
C. Cén chaoi a ndéantar iarratas le haghaidh Trádmharc TPE/WIPO?
F. Is féidir iarratas le haghaidh TPE a sheoladh ar-líne/ar faics/sa phost díreach chuig OHIM/ Office for Harmonization in the Internal Market (Oifig Chomhréir an Mhargaidh Inmheánach!).
Office for Harmonization in the Internal Market
Trademarks and Designs Receiving Unit,
Avenido de Europa 4
E03080 Alicante,
España
Is féidir an fhoirm iarratais le haghaidh trádmhairc idirnáisiúnta a fháil ag suíomh idirlíon Oifig na bPaitinní ( www.patentsoffice.ie) nó sa suíomh de chuid WIPO (http://www.wipo.int
) ina bhfuil gléas a chuideoidh leat costas na dtáillí ar na tíortha atá uait a mheas.