Paitinní

Print page iconPriontáil

lightbulb image

Ceisteanna Coitianta faoi Paitinní

C. Céard í Paitinn?

F. Is ceart eisiach é a  dheontar ar aireagán, bíodh se ina  phróiséis nó táirge,  a chuireann dóigh nua ar fáil chun rud a dhéanamh nó a chruthaíonn réiteach nua ar fhaidhb. Bronnann sí ceart ar a sealbhóir, toirmeasc ar éinne eile an t-aireagán sin a dhéanamh/úsáid/díol/ nó importáil ach amháin i gcás go dtabharfadh seisean cead dóibh.   

C. Cén fad a mhaireann sí?

F. Ní mhaireann na cinn Éireannacha thar 20 blian agus tá an teorainn ama sin coitianta go leor i dtírthe eile fosta.  Chomh maith le sin, cuireann an tír seo ceann gearr-théarmach ar fáil, a bhfuil saol 10 mbliana air.  

C. Cad ar a dtig leat paitinn a fháil?

F. Caithfidh go bhfuil an t-aireagán nua, a bhfuil céim cumtha ann, agus gur féidir feidhm tionscail a bhaint uaidh.

C. Céard a chiallaíonn “paitinn ar feitheamh” nó “ paitinn faoi iarratas”

F. Úsáideann an déantúsóir nó an díoltóir  na téarmaí seo chun cur i n-úil don phobal go bhfuil iarratas  paitinne déanta aige ar an táirge.  Tá sé in aghaidh an dlí mí-úsáid a bhaint as na téarmaí úd.

C. An féidir paitinn a fháil ar dhá bhall éagsúla curtha chéile i dtáirge nua?

F. Is féidir sin a fháil ,a fhad is gur céim chumtha thar fios na  céirde go dtí sin í agus  nach léir í do dhuine eile a bhéadh saineolas ar an chéird aige.

C. Nuair a bhí mé ar saoire that lear chonaic mé táirge iontach nach bhfuil ar  díol sa tír seo, an dtig liom paitinn a fháil air?

F. Ní thig leat,  má tá an táirge cheana féin amuigh i measc an phobail (agus is  cuma  a bhfuil cosaint phaitinne air nó nách) ní féidir paitinn (eile) a fháil air.   

C. Agus má tá mé ag iarraidh cosaint a fháil ar mo aireagán thar lear?

F. Sa chás sin beidh ort  iarratas a chur chuig oifig na bpaitiní sna tíortha úd ina bhfuil paitinn uait nó tig leat iarratas amháin a dhéanamh faoin gcóras idirnáisiúnta paitinne ar a dtugtar ‘Patent  Co-operation Treaty (PCT)’.   Más san Eoraip a bhfuil suim agat, tig leat  cosaint paitinne sa chuid is mó  tíortha ann le hiarratas amháin a chur faoi  Coinbhinsin Paitinn na hÉorpa ( EPC).  Is féidir na tíortha uilig ann a ainmniú nó más fearr leat is féidir gan ach roinnt díobh a lua san iarratas.

C.   Cad  iad na  buntáistí ar iarratas Eorpach/PCT?

F. Sé  an  príomhbhuntáiste le hiarratas Eorpach ná go dtig leat ceart paitinne i slám de tíortha faoi scáth an EPC a  fháil in aon iarratas amháin ar chostas i bhfad níos saoire ná a bhéadh ar  iarrataisí ar leith a dhéanamh i ngach ballstát.  Tá tuilleadh faoi seo agwww.epo.orgLinks to external website Mar an gcéanna tá a leithéid ar fáil faoin ‘Patent Co-operation Treaty’ ( International PCT) ar scála domhanda ina bhfuil 141 bhallstáit páirteach faoi láthair.   Tá tuilleadh faoin PCT ag www.wipo.orgLinks to external website
 

C.  Cathain  ba chóir dom iarratas a chur isteach?

F. A fhad is gur rún daingean atá san  aireagán agus gan fios faoi amuigh i measc an phobail, tig leat an t-iarratas  a chur isteach am ar bith a oireann duit.  Mar sin fhéin  tá seans nach rachfadh comhairle phroifisiúnta ó gníomhaire paitinne amú mar:-  má chuirtear an t-iarratas isteach ró-luath tá seans nach mbéadh an t-aireagán iomlán aibí le haghaidh an mhargaidh nó ar an láimh eile má  fhágtar é ró-fhada tiocfadh le duine eile léimt isteach sa bhearna agus iarratas a  chur isteach romhat.

C. An gcaithfidh mé gníomhaire  paitinne a fhostú?

F.  Is í  do rogha fhéin í.   Ach, tá dréachtadh an iarratais (ina bhfuil sainchuntais, dearbhuithe, líonaíochtaí agus coimriú)  an-chasta agus thar cumas duine nach mbéadh taithí aige ar a leithéid.  In éineacht leis an an fhoirm iarratais  (foirm 1)  líonta leis na  sonraí cuí, bíonn cur-síos iomlán ar an aireagán (le líonaíochtaí),  do chuid dearbhuithe ina thaobh, chomh maith le coimriú gairid ar ghnéithe teicniúla faoi.

C. An dtig  le hOifig na bPaitinní gníomhaire paitinne a mholadh dom?

F.   Ní thig linn, ach tig linn liosta díobh a chur ar fáil duit

C.  An  bhfuil smacht ag Oifig na bPaitinní ar na táillí a ghearrann na gníomhairí paitinne?

F. Níl, is rud idir tú fhéin agus an gníomhaire é  nach bhfuil aon bhaint ag an Oifig leis.  B’fhiú meastachán ar  an  chostas a fháil uathu roimh ré.

C. An dtig liom Paitinn a aiseagrú i  ndiaidh dó dul  i  léig de cheal íochaíocht na táille athnuacháin?

F.  Tá tréimhse dhá bhlian ón dáta athnuacháin inar féidir an táille a íoch móide táille breise €76 mar gheall ar an mhoill.  I gcásanna mar seo caithfidh go léiríonn an t-iarrthóir don Ceannasaí nach  d’aon turas  a tharla an dul-i-léig.  Cuirfear an t-iarratas athunacháin sa Journal le deis a thabhairt d’éinne eile cur ina aghaidh.  Má éiríonn leis an iarratas athnuacháin beidh ar an iarrthóir an táille athnuachain móide  an €76 thuas-luaite a íoch.  

C. An  féidir liom athiarratas a dhéanamh ar cheann a tharraing mé siar cheana féin?

F.   Is féidir  a fhad is nár cuireadh i  gcló é (sé sin oscailte roimh scrúdú ón phobal)

C. An  dtig le hOifig na bPaitinní cuidiú liom ar mo phlean forbartha/ margaíochta?

F. Ní thig léi tada a dhéanamh i  dtaobh é sin, ach bhéadh comhairle agus cúnamh ar fáil air ó Enterprise Ireland nó ón mBórd Fiontraíochta Aitiúil.

C. Sílim go m’bfhéidir go bhfuil mé ag sárú aireagán a bhfuil paitinn air.  Céard ba chóir dom a dhéanamh?

F.  Ciallaíonn sárú paitinne ná déantúsaíocht, úsáid, díol nó importáil táirge nó próiséis a bhfuil paitinn air gan cead ón sealbhóir.  Má tá a leithéid ar siúl agat ba chóir duit comhairle phroifisiúnta a lorg ó ghníomhaire paitinne nó dlíodóir mar go  dtig le sealbhóir na paitinne an dlí a chur ort.