ga - Designs

Print page iconPriontáil

Designs

Ceisteanna Coitianta faoi Dearaí

Print page icon Priontáil

C. Céard é Dearadh?

F.  Tá sé bainteach le cruth an táirge (nó cuid de) bunaithe ar línte, imlínte, dathanna, cruth, comhdhéanamh ábhair  agus an ornáidíocht air.

C. Céard é táirge?
F
.  Aon rud tionsclaíoch nó  céirde  chomh maith le pacáiste, siombail ghraificeacha, clóscríbhínn (ach níl cláracha ríomhaire san áireamh).  Ina measc bhéadh táirgí ilchodacha ar féidir iad a bhaint ó chéile agus a athchur le chéile.  

C. Canathaobh ab fhearr dom mo  dhearadh a chosaint?

F.  Tig le dearadh nó cruth an táirge bheith lárnach i  mbrandáil nó  íomhá  an chomhlachta agus  a bheith ina shócmhaoin luachmhar de.  Mura  gcuireann tú iarratas isteach le haghaidh cosainte d’fhéadfadh le daoine eile somhaoin a bhaint as do chuid  infheistíochtaí.  

C. Cosas is féidir liom iarratas a chur isteach ar chlárú?

F. Tá sé riachtanach gur leatsa an dearadh sa chiall gur tusa  a chum é nó duine a  bhí ag  obair duit ag an am a chumtha ( mura  raibh  conradh nó socrú eadraibh ag an am a bhféadfach teacht salach ar do cheart!).  
Bun-riachtainisí

  • Iarratas le haghaidh chlárú
  • Samhlú ar féidir cóipeáil a dhéanamh air
  • Ainm agus seoladh an iarrthóra
  • An táille chuí

C. Cad é an  costas ar iarratas cláraithe ar dhearadh?

F.   Tá  sé €70 ar cheann amháin agus €25 ar gach ceann breise m.sh ar cheann ilchodach ina bhfuil 10 dearadh, tá sé €70 móide 9x€25 = €295

C. Cad í an reachtaíocht a chlúdaíonn Dearaí?

F. Clúdaíonn an t-Acht um Dearaí Tionscail 2001 agus na Rialacha um Dearaí Tionscail 2002 na  hiarrataisí ar fad ó 1 Iúil 2002 ar  aghaidh.  Tá na  cinn roimhe sin faoin réim an Acht Um Maoin (Cosaint) Trádála, 1927. 
 

C. Cén fad a mhaireann an chosaint ar an Dearadh?

F. A fhad is a íochtar na táillí athnuacháin chuile 5 bliana bhí saol 15 bliana faoin sean Acht agus  faoin Acht nua tá saol 25  bliana cosanta ann ar athnuachán chuile 5 bliana.

C. An dtig liom an dearadh a chosaint thar lear?

F.  Tá an chosaint i bhfeidhm sa tír seo amháin.  Más  cosaint thar lear atá uait tig  leat iarratas a dhéanamh chun Dearadh Cláraithe an Chomhphobail  a fháil.

C. Céard é an Córas Clárú Comhphobail?

F. Is próiséis lárnach í a  láimhseáileann iarrataisí fa choinne cosaint  i  ngach ballstáit den gComhphobal

C. Cé mhéid atá ar Dhearadh Comhphobail?

F.  Tá costas €350 ar chlárú agus foilsiú dearaidh amháin le  cosaint  5 bliana.  Islíonn ráta na dtáillí de réir méid na ndearaí a bhéadh  in iarratas ilchodach  m.sh.  ar dhearadh 2 go dtí 10 tá costas €175 an ceann agus ón dearadh uimhir 11 ar aghaidh laghdaíonn an costas go dtí  €80 an ceann.

C. Chuala  me go bhfuil cearta agat fiú mura gcláraíonn tú do dhearadh.  An fíor sin?

F. Is fíor é sa chiall go bhfuil réimse na cosanta mar an gcéanna.  Luíonn an difear sa  cheart eisiach atá ag sealbhóir Dearadh Cláruithe Comhphobail ar úsáid an dearaidh agus cead toirmisc a chur ar éinne eile ar dhéantús, tabhairt, cur ar an mhargadh, importáil, easportáil, úsáid nó stóráil táirgí ar a bhfuil an dearadh ina  chuid lárnach den íomha orthu.

Tá an chosaint faoi Dhearadh Comhphobail Neamh-chláruithe teorannta ar cheart toirmisc ar chópáil.  Ní gá iarratas a chur isteach chun an chosaint sin a fháil ach ar an láimh eile ní bhéadh sé éasca  a chruthú go raibh an chosaint sin agat ar chor ar bith.  Mar shampla dá dtiocfadh duine éigin aníos leis an dearadh ceanann céanna as a stuaim fhéin  (i gcás nach raibh a fhios aige riomh ré go raibh an dearadh cosanta(neamhchláraithe) ag duine eile) ní bhéadh aon tsárú ar cheart an duine eile ann. 

C. Cén fad a mhaireann Dearadh Comhphobail?

F. Tá 5 bliana cosanta ó dháta an iarratais ar na cinn chláithe agus tig leat an chosaint a athnuachan gach 5 bliana go ceann tréimse 25 bliana.
Tá cosaint 3 bliana ar dhearadh Comhphobail neamhchláraithe a thosnaíonn ar dháta a chéadnochta i gcríocha an Chomhphobail Eorpach.