C. Céard é Cóipcheart?
F. Is téarma dlíthiúil é a leagan síos cearta a tugtar do údair/cruthaítheoirí saothair áirithe. Tá feidhm aige ar gach cineál ábhair scríofa agus taifeadtha, bíodh sé bogearra agus an idirlíon mar aon le líníocht, grianghraifeadóireacht, scannáin agus ceol. Bíonn cosaint cóipchirt ar na saothair seo thíos:-
- Bunshaothair litríochta, dramaíochta, ceoil nó ealaíona
- Taifeadtaí fuaime, scannáin
- Craobhscaoilte, cláracha cábla
- Leagan amach clóghrafach ar eagráin atá foilsithe
- Bunstór sonraí ríomhaireachta
C. Cén dóigh a dtig liom mo chóipcheart a chlárú?
F. In Éireann níl aon mhodh cláraithe ina dtig leis an údar cóipcheart a fháil ar a shaothar. Is é déanamh an tsaothair féin a chruthaíonn cóipcheart. Ar ndóigh tá sé tabhachtach go mbéadh bealach ag an údar ina dtiocfadh leis cruthú caithin a rinne sé é. Tá dhá bhealach ina dtig leis é seo a dhéanamh;-
- Cóip den saothar a fhágáil le hionadaí aitheanta (banc nó dlíodóir) sa dóigh gur féidir cuntas nó nótáil a choineáil ar an am agus an dáta ar cuireadh ann é.
- Cóip den saothar a sheoladh chugat fhéin ar phost cláraithe (ar a bhfuil stampa an dáta inléite ar an gclúdach) agus an deimhniú poist a choinneáil chomh maith leis an litir fhéin gan oscailt ionas go mbéadh cruthú agat ar am agus dáta ina raibh an saothar déanta agat.
C. Cén fad a mhaireann cóipcheart?
F. Maireann sé 70 blian i ndiaidh bás an údair/cruthaithóra ar shaothar liteartha, dramatúla, ceoil nó éalíona. A fhad a bhéadh an cóipcheart i réim bhéadh cead ón údar de dhíth chun cóip a dhéanamh ar shaothar is cuma cibé teanga ina mbéadh an bunleagán.
Ní amhlaidh an tréimhse chosanta i ngach tír, mar shampla sna Stáit Aontaithe maireann cóipcheart ar thaifeadtaí fuaime 95 blian ó dháta a gcéad nochtadh don phobail ach in Éireann níl ach 50 blian cosanta orthu.
C. An mbíonn cead ón údar riachtannach chun cóip a dhéanamh ar shaothar ar a bhfuil cóipcheart?
F. Tá cásanna ar leith ina dtig leat cóipeáil a dhéanamh gan cead ón údar. Tagann na heisceachtaí seo faoin Acht um Chóipcheart agus Cearta Bainteach leis, 2000 agus tá siad dírithe ar thaifeadáin fuaime, scannáin nó craobhscaoilte in árais oiliúna le haghaidh teagaisc agus tá siad dírithe fosta ar leabharlannaí agus cartlannuithe ag cóipeáil saothair atá ar fáil don phobal. Mura bhfuil an chópáil baintach leis na heisceachtaí thuas b’fhearr iarraidh ar an údar an ndíolfadh sé an cóipcheart nó an dtabharfadh sé cead duit é a chóipeáil ar tháille socruithe eadraibh.
C. Cad a thugann le fios go bhfuil cóipcheart ar shaothar?
F. D’fhéadfadh an lógó © bheith feiceáileach ar an saothar in éineacht le ainm an údair agus blian a chéadfhoilsithe ( m.sh. Walt Disney 1998)
C. Cén dóigh a fheidhmíonn cóipcheart san idirlíon?
F. ‘Sé an nós is mó a chleachtaítear san idirlíon nuair an cuirtear in úil do lucht soláthar na seirbhíse go bhfuil cóipchearta á sárú agus nuair a iarrtar orthu an t-ábhar a bhaint den tseirbhís ná go ndéantar mar a iarrtar orthu. Tá Orduithe Cúirte á mbaint amach ag lucht cóipchirt i neart tíortha, agus Éire ina measc, ag cur iallach ar lucht seirbhísí idirlín cosc a chur ar shuíomheanna áirithe a bhfuil sé amuigh orthu go ligeann siad íoslódáil ar ábhair chóipchirt gan cead óna sealbhóirí.
C. Conas a bhfaighfaidh mé cóipcheart ar chláracha ríomhaireachta nó taifeadtaí fuaime?
F. Faoin Acht 2000 glactar leis go bhfuil cóipcheart ann a luaithe a dhéantar an clár/taifead. Níl aon chóras cláraithe. Mar sin fhéin má tá amhras ort is féidir leat comhairle dlí a lorg.
C. Má tá mé i ndiaidh duine eile a íoch chun rud a chruthú, an liomsa a bhéadh an cóipcheart?
F. Mura bhfuil sé leagtha síos faoi leith sa chonradh ag ordú an ruda go mba leasta nó leis an gcomhlacht a bhéadh cóipcheart an tsaothair a d’íoch tú as, beidh sealúchas ar an gcóipcheart ag an duine nó ag an eagras a chruthaigh an saothar. Más amhlaidh atá sé, agus más uait é, beidh ort dul i dteagbháil leis an údar agus socrú a dhéanamh leis chun an cóipcheart a cheannacht uaidh (rud nach bhfuil aon iallach dlíthiúil air a dhéanamh!). Caithfeadh go mbéadh an conradh scríofa agus sínithe ag an aistreoir nó ar a shon ionas go mbéadh feidhm dlí leis.
C. An gcaithfidh mé ceadúnas cóipchirt a fháil le haghaidh leas a bhaint as ceol agus taifeadtaí fuaime i mo ghnó?
F. Caithfidh tú má tá cóipcheart ar an ábhar. Tugann cóipcheart deis don údar somhaoin trádála a bhaint as an fheidhm a baintear as a shaothar. Bailíonn na hEagrais Cheadúnas Cóipchirt dleachta ar son na sealbhóirí a dhéanann siad ionadaíocht ar a son m. sh. cumadóirí, comhlachtaí taifeadta, ceoltóirí srl. Mar sin, ós rud é go mbéadh roinnt cearta faoi leith bainteach le taifeadadh fuaime, tá seans maith go mbéadh níos mó ná ceadúnas amháin ag teastáil chun ceann a sheinnt sa ghnó.
C. Cé hiad na Cearta Morálacha atá bainteach le Cóipcheart?
F. Thánaigh an cionceap faoi Cearta Morálacha isteach faoi scáth Acht an Cóipchirt agus Cearta Bainteach leis , 2000. ‘Siad atá ann ná Ceart Bunúdair ( ceart aitheantais mar údar an tsaothair); Ceart um Iomláine ( ceart cosc ar scrios, camchasadh nó athrú fealltach ar an saothar) agus ceart in aghaidh cur i leith fealltach ( sé sin an ceart gan d’ainm bheith curtha go fealltach ar shaothar nach ndearna tú ar chor ar bith)