Clár na nDearaí

Print page iconPriontáil

Is  féidir cuardach sa Clár Dearaí agus sa Stóras Sonraí  a bunaíodh faoi Acht na  nDearaí Tionscail, 2001 ach ní  hionann na modhanna cuardaigh san dá cheann acu.

Is clár páipéir atá sa Chlár Dearaí ar cuireadh tús leis faoin Acht um Maoin (Cosaint) Tionscail agus Trádáil, 1927 agus is san Oifig a deintear an cuardach.  Caithfear achainí a chur chuig an Oifig roimh ré ag lua na  sonraí thíos ar an chuardach atá pleanáilte

  • Samhail ar  an dearadh agus
  • Na ranganna  más féidir, nó na  tairgí ar a mbeidh an dearadh curtha.

Cuirtear toradh an cuardaigh chuig an achainíoch le heolas ar an bhfuil an chosaint fós i bhfeidhm, na cineálacha táirgí ar a bhfuil sé cláraithe, dáta an chláraithe agus ainm agus seoladh an tsealbhóra.

Faoi réir  mír 73 den Acht 1927, tig le duine Clár na nDearaí a scrúdú má thugann sé uimhir chláraithe an dearaidh atá uaidh, nó go leor eolais don Oifig chun an dearadh a aimsiú.  Is clár páipéir atá ann agus mar sin is san Oifig i gCill Chainnigh a deintear an scrúdú agus tá táille le níoch ar.  Níl cead ach ag an sealbhóir (nó  duine ainmnithe aige), nó duine le cead ón gCeannasaí nó ón gCúirt, dearaí a bhfuil clárú faoi bhun dhá bhlian orthu a scrúdú (5 bliana ar earraí fite).   Níl cead cóipeanna a dhéanamh.  I ndiaidh na tréimhsí sin  (2 bhl/5bl. thuas luaite) bíonn scrúdú an dearaidh oscailte don phobal ar tháille cuí agus is féidir foto-chóipeanna a dhéanamh air.

Faoin Acht um Maoin Tionscail agus Trádála, 1927 tugann Liosta na nDearaí Cláraithe  eolas, liostáilte ón  bhlian 1990 ar aghaidh, ar ainm an tsealbhóra, an uimhir  chláraithe, uimhir na  hIrise  inar nochtadh sonraí an chláraithe .

Cuardach Dearadh Comhphobail

Ón 1 Eanair 2003 ar aghaidh tá OHIM An Oifig le haghaidh Comhréir an Mhargaidh Inmheanach (Trádmharcanna agus Dearaí) ag glacadh le hiarrataisí ar chlárú Dearaí Comhphobail.  Thánaigh an Dearadh Comhphobail i bhfeidhm ar an 1 Aibreán  2003 agus tugadh an dáta sin mar dháta tús comhaid ar aon iarratas a fuarathas ón 1 Eanair 2003 go dtí sin.  Tá cosaint ar dearaí cláraithe Comhphobail i ngach ceann den 25 bhallstáit den Aontas Eorpach.  Is féidir cuardach ar-líne ar Stóras na nDearaí Comhphobail agus tá tuilleadh eolais ar an Nuachtlitir Dearaí Comhphobail chomh maith.

Ní ghlactar le hiarratasaí mura bhfuil siad úrnua, sé sin nach bhfuil an dearadh ar fáil áit ar bith riomh dáta cur isteach an iarratais.   Mar sin b’fhearr do iarrthóirí cuardach i stórais eile seachas na cinn atá luaite anseo.  Níl aon dóigh a dtig le duine cuardach domhanda a dhéanamh le haon bhuile amháin.

Tá na cláracha agus na stórais sonraí ar-líne ann chun eolas ginearálta a chur ar fáil ach b’fhiú coinneáil i gcuimhne, bíodh go nglacann Oifig na bPaitinní gach cúram réasúnta ar na háiseanna cuardaigh, nach bhfuil sí freagrach i dtaobh tuathail nó easnaimh nó aon dochar gur údar dó braith ar bheacht nó iomláine na sonraí ann.