Sula gcuirfeá aon iarratas isteach le haghaidh trádmharc tá seans maith gur fiú cuardú sa Chláriris féachaint an bhfuil a leithéid cláraithe cheana féin nó an bhfuil iarratas istigh ar feitheamh, rud a thabharfadh tosaíocht dá gceann siúd thar do cheannsa agus a dtiocfadh le bheith ina chúis doichill roimh d’iarratas.
Ba chóir amharc i Stóras Sonraí na dTrádmharc Náisiúnta agus i gceann an Chomhphobail chomh maith. As stóras sonraí náisiúnta gheobhaidh tú chuile iarratas a cuireadh chuig an oifig seo agus na cinn faoin Dréachtchonradh Madrid Protocol . inar ainmníodh an tír seo san iarratas. Sa Stóras Sonraí Trádmhairc an Chomhphobail (Community Trade Mark) tá trácht ar gach iarratas ar cuireadh chuig an Oifig le haghaidh Comhréir an Mhargaidh Inmheánach (OHIM).
Dá mba uait é dhéanfadh an Oifig cuardú ar do shon sa stóras sonraí náisiúnta agus i gceann an Chomhphobail ach iarratas scríofa agus an táille cuí ( €35 faoi láthair) a chur isteach chugainn.
Tig leat cuardú sna stórais sonraí seo saor in aisce ar-line nó tig leat buaileadh isteach chugainn ag an Aonad Eolais i gCill Chainnigh.
B’fhiú coinneáil i gcuimhne gur le h-aghaidh eolais agus é sin amháin atá na stórais sonraí agus na cláririsí ar-líne. Bíodh go nglacann Oifig na bPaitinní gach cúram réasúnta i dtaobh ábhair na náiseanna cuardaithe níl an Oifig freagrach as aon bhotún nó faillí ar na sonraí nó aon dochar a thiocfadh as muinín a gcuirfí ar chruinneas nó iomláine na sonraí ann.