Is é atá i dtrádmharc ná nod a léiríonn bunúdar táirgí. Is fearr an chuimhne agus an athaint ar shiombal gairid ar tháirgí i gcomórtas lena leithéad ar shonraí iomlán an déantúsóra. Chomh maith leis sin, go minic bíonn sé níos éasca siombal a chur ar an táirge.
Siar sa tsean-ré áfach, is é ainm an déantóra nó an úinéara a bhíodh ar na táirgí. Tá na cinn is ársa ( agus bhéadh amhras orainn iad a ionannú le trádmharcanna i dtuiscint an lae inniú) le fáil ar bhlúirí chréadóireachta ó thart ar an bhlain 5000 r. Ch. ón gceantar Transalvania (cuid de thír na Romáine inniú). Fuarathas samplaí eile dá leithéid ó shiabhialtaí na hÉigipte, na Créite, na hEturia agus na Gréige i rith na gcéadta agus na mílte blian i ndiaidh sin. Níos moille , in aimsir na Rómhánach, d’éirigh na marcanna níos idirdhealaithe – ina measc na samplaí is sine de mharcanna bunaithe fhocail. I ndiaidh sin, i rith na hAoise Dorcha, chuaigh nós na dtrádmharc i léig ach amháin ar lanna claímhte, go mór mór iadsiúd de bhunús Éorpach.
On 12ú Aois ar aghaidh thánaigh borradh ar úsáid na dtrádmharc ar réimse táirgí agus sa 15ú Aois tosaigh clódóirí ag cur marc ar a saothar.
Le teacht an 16ú agus an 17ú Aois thosaigh nósanna rialacháin ag dul i bhfeidhm san Eoraip – sa Ghearmáin agus sa Fhrainc go mór mór. San am seo bhí sainmharcanna bunúsaca á gcur ar ór, airgead agus miotail luachmhara chun comhartha dea-chaighdeán a léiriú agus chun bac a chur roimh chaimiléireacht. Ag deireadh an 19ú Aois le teacht na Réabhlóide Tionsclaíochta d’fhás borradh ar an olltáirgeadh agus meath ar an talmhaíocht ar an tionscail tinteáin. Chruthaigh na córais nua meicniúla, in éineacht leis an fhorbairt ghasta san eolas teicniúil agus san eolaíocht, athruithe doimhne i structúr an gheilleagair agus uaidh sin bhí géargá le smacht a chur ar an iomaíocht sa mhargadh. Le caighdeanú mianaigh agus méideanna i leith na dtáirgí thánaigh an nós comharthaí idirdhealaithe i réim chun cuidiú le custaiméirí rogha a dhéanamh orthu. Is uaidh sin a fuair an trádmharc an tabhacht airgeadúil, soisialta agus trádála atá bainteach leis sa lá inniú i réimeas an olltairgthe, dáilte agus caithimh.
Forbairt Reacht na dTrádmharc in Éirinn
Maraon le cuid mhaith de reacht na hÉirinn, tá bunús an reachta bainteach le trádmharcanna ag síneadh siar go dtí córas dlí na Breataine. I ndiaidh iarracht a dhéanamh i 1862 nach raibh rath ar bith air, níor tugadh aitheantas reachtúil i bParlaimint na Breataine do thrádmharcanna mar ábhar maoine ar féidir iad a shannadh agus a dhíol go dtí gur cuireadh an Trade Marks Registration Act 1875 i bhfeidhm. In éineacht le haitheantas reachtúil maoine i dtrádmharc cláraithe, chuir an tAcht 1875 Clár na dTrádmharc ar bun agus ceart dlithúil in aghaidh a sáraithe. Go dtí an t-am sin is ar éigean a raibh aon reacht trádmhairc sa tír ar chor ar bith, agus is os comhair na gcúirteanna siabhialta a pléadh cásanna faoi chalaois, cealg, bréag agus falsaíocht. In ndiaidh 1875 sa tír seo, bíodh gur faoi reacht na Breataine a bhí sí, ní raibh aon Chlár Paitinní nó a leithéad chun deighleáil le cursaí maoin intleactúil. Ach, ní amhlaidh a mhair sé mar, tráth beag i ndiaidh bunú Saorstáit na hÉireann , cuireadh an t-Acht um (Chosaint) Maoin Tionscail agus Trádála i bhfeidhm sa bhlian 1927.
Cha ndeacaigh tábhacht an reachta nua ar a bhealach trí Thíthe an Oireachtais gan suntas a tharraing air féin, mar shampla agus an dara léamh air sa tSeanaid
( 24/2/1927) dúirt an Seanadóir Brown ‘ Is é seo an Bille is casta agus is teicniúla a thánaigh os comhair an tí go dtí seo’. B’fhíor dó mar bhain an tAcht ní amháin le trádmharcanna ach le paitinní agus dearaidh chomh maith. Bhí casadh breise san Acht 1927 mar bhí air deighleáil leis an tréimhse aistrithe ó bhunú an tSaorstáit i 1921. Do ba é an chéad trádmharc ar cláraíodh in Éirinn faoi Acht 1927 ná ‘ Déanta in Éirinn’ ( léiriú-féach trasna) agus do b’é an Cumann Forbairt Tionscal na hEireann a chláraigh é.
Do mhair an t-Acht um ( Chosaint) Maoin Tionscail agus Trádála, 1927 mar an t-aon rialachán dlithiúil ar thrádmharcanna in Éirinn agus rinne sé a chuid go rí-maith go dtí 1964 nuair a cuireadh ceann nua, Acht na dTrádmharc, 1963, i bhfeidhm ar an 1ú Aibreán na bliana sin. Do ba é cuspóir an Achta nua ná an dlí a bheireadh suas chun dáta ionnus go mbéadh sé i ndán deighleáil le riachtanaisí trádálaí le linn tréimhse corrach trádála. Ghlac an tAcht 1963 aird ar an gCoinbhinsin Idirnáisiúnta faoi Chosaint Maoin Intleachtúil ( 1958) agus ní amháin sin ach do scar sé an dlí bainteach le Trádmharcanna ó dhlíthe ar paitinní, dearaí tionscail agus cóipcheart. Do ba é an chéad thrádmharc ar cláraíodh faoin Acht 1963 ná ‘EMPRESS’ marc focail de chuid déantóir tochtanna.
Mhair an reacht ar thrádmharcanna in Éirinn gan athrú go dtí gur thánaigh Acht 1996 i bhfeidhm ar an 1ú Iúil den bhlian sin. In éineacht le dreach suas-chun-dáta a chur ar reachtaíocht na dtrádmharc chuir an t-acht seo dlíthe na tíre seo i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Faoi Treorach na Comhairle 89/104/99, bhí altanna i dtaobh na gcineálacha mairc gur féidir clárú, cúiseanna ar féidir cur-ina-aghaidh agus ceartú a dhéanamh, réimse cosanta na dtrádmharc, riachtanaisí lucht a úsáidte, agus coinceap an ghéilleadh don Treorach fhéin. Faoin Acht 1996 bhí deis ar fáil don chéad uair chun trádmharcanna bainteach le seirbhísí, agus marcanna cnuasacha a chlárú fosta. Do ba é an chéad mharc gur cláraíodh faoin Acht seo ná an focal ‘CIRRUS’ a bhí bainteach le seirbhísí uathoibreacha ar meaisíní airgeadóra