1606
I bhforógra ríoga sa bhlian 1606, chuir an rí Seamus 1 (ríogacht 1603-1625) deireadh le feidhmiú Dlíthe na mBreithiún in Éirinn, agus chuir sé an Dlí Comónta Shasana ina náit. Chuir sé gach monaplacht a bhí i réim ag an am ar ceal agus d’fhógair sé nach mbéadh cead a núsáid feasta ach le haghaidh ‘tionscnimh nua-chumtha’. Cuireadh é seo isteach sa Statute of Monopolies 1623 ( Reacht na Monaplachtaí) inar chuir an Pharlaimint srian ar an chumhacht ríoga, sa dóigh nach mbéadh cead feasta ag an Rí litreacha paitinne a thabhairt do chumadóirí nó lucht nochta aireagáin nua ach le haghaidh tréimhse teoranta de bhlianta.
Bhí an cleactas seo i dtaobh monaplachtaí déantúsaíochta bunaithe ar litreacha paitinne ón gcoróin i bhfeidhm in Éireann fosta.
Le linn réimeas na banríona Áine ( 1702-14) tháinig athrú ar na rialacha nuair a cuireadh gá le cuntas scríofa ar an aireagán nua. ‘ Caithfidh an cumadóir cuntas scríofa a dhéanamh ar mhianach an aireagáin, agus ar mhódh a úsáidte’.
1852
Ba shuarach méid na bpaitinní ar deanadh iarratas orthu in Eireann sa 17ú agus san 18ú aois mar gheall ar chastacht agus costas an chórais. Roimh 1852 bhéadh ar an chumadóir iarrataisí faoi leith i dtaobh na naireagán a chur go dtí an coróin i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Alban agus in Éirinn ina raibh céimeanna ilchineálacha le sárú acu roimh deonadh paitinne. Sa Patent Law Amendment Act 1852 ( Acht um Leasú Dlí na bPaitinní) íslíodh an dleacht stampa ar iarrataisí, cuireadh Paitinní na hÉireann ar ceal agus cuireadh stiúradh na bPaitinní sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn i lámha Oifig nua na bPaitinní i Londain.
1883-1927
Lean reacht na Ríochta Aontaithe, le hathruithe sa bhlian 1883 ( Acht um Paitinní agus Dearaí) agus sa bhlian 1907 (nuair a cuireadh scrudú i bhfeidhm sula mbéadh glacadh le clárú) go dtí bunú Saorstát Éireann sa bhlain 1921. Ghlac an stát nua le reacht na Ríochta Aontaithe a fhaid is nach ndeacaidh sé in aghaidh an Bhunreachta. Ach bhí bearna ann bainteach le paitinní mar ní raibh aon chóras ag an Stát chun paitinní a dheonú nó trádmharcanna nó dearaí a chlárú.
Tugadh aghaidh ar é seo in Aibrean na bliana 1925 nuair a cuireadh an Bille um Maoin Tionscail agus Trádála os comhair na Dála.
Ghlac Saorstát Éireann leis an Chonbhinsin Idirnáisiúnta um Chosaint Maoin Tionscail ar an 4ú Nollaig 1925. I ndiaidh plé ar an bhille thuas ag coiste Oireachtais deineadh leasú air agus cuireadh ceann nua chuig an Dáil i mí Iúil 1926.
1926
Cuireadh an Bille 1926 i bhfeidhm mar an Acht um Chosaint Maoin Tionscail agus Trádála, 1927 agus bunaíodh Oifig Éireannach na bPaitinní lena a ceannárus ag 45 Cearnóg Mhuirfean, Baile Atha Cliath 2 faoi stiúr Ceannaire na bPaitinní, Dearaí agus Trádmharc. Taobh amuigh de Acht beag leasaithe sa bhlian 1929, do mhair Acht na bliana 1927 i réim go dtí 1964.
1928
Sliocht as an chéad phaitinn gur cláraíodh faoi Acht um (Chosaint) Maoin Tionscail agus Trádála, 1927.
Sonrú ar Phaitinn uimh. 10001
Dáta iarratais, 18ú Eanair, 1928.
Dáta glactha an tsonraithe iomlán,
18ú Aibreán ,1929
Dáta deonta faoi Mhír, 12,s.s.2. ( U.S.A.)
8ú Nollaig, 1925.
iarratas ar phaitinn ó Hannah Mary Smith,
banriarthóir estát de chuid
Owen Patrick Smith (nach maireann).
Tideal:- Cásanna scaoilteáin le haghaidh con
agus a leithéad
Sliocht as an chéad Tuarascáil Bhliantúil.
‘ Is mó an tsuim atá ag lucht aireageán sa tír seo i rásaí na gcon. Do ba ó shaoránaigh na hÉireann a thánaigh na hiarrataisí ar fad bainteach leis an spórt coitianta seo.’
Ní thig liom ligint don tuarascáil seo críochnú gan trácht ar rud nach beag a thabhacht ó thaobh Reacht Bunreachtúla agus Stair na bPaitinní. Deonadh an chéad phaitinn faoi chumhacht an Acht um ( Chosaint) Maoin Tionscail agus Trádála, 1927 i Mí na Bealtaine 1929. Do ba é seo an chéad phaitinn a deonadh ag údarás sa tír seo nach raobh faoi scáth Coróin na Breataine.
(síniú) Edward A. Cleary
Ceannasaí
Tuarascáil reachtúil de chuid Cheannasaí Maoin Tionscail agus Trádála 1930.
1964
Chuir an tOireachtas Acht nua ar phaitinní i bhfeidhm sa bhlian 1964 chun dlí na hÉireann a bheireadh céim ar chéim le dlíthe na dtírthe móra tionscalaíochta.
In áit an natha a bhí i réim go dtí sin sa tír seo i.e. ‘aireagán nár nochtaíodh sa Stát cheana’ chuir an tAcht 1964 an cionceap ‘ nuaíocht chomhchoitianta’ i réim, sé sin aireagán nár nochtaíodh in áit ar bith sa chruinne go dtí sin.
1992
Is é Acht na bPaitinní, 1992 an reachtaíocht is déanaí atá i bhfeidhm sa tír seo. Go bunúsach ba le haghaidh aitheantas a thabhairt ar Choinbhinsin Eorpach na bPaitinní (CEP) agus an Patent Co-operation Treaty (Conradh Comhréir na bPaitinní ) a bhí an an t-Acht seo. Ina theannta san chuir sé modhanna éifeachtúla nua ar scrúdú na bpaitinní i bhfeidhm chomh maith le deis paitinní gearr-théarmach a fháil ( a raibh tréimhe 10 mbliana orthu).
1998
Aistríodh Oifig na bPaitinní go dtí Cill Chainnigh ar an Luan 31ú Lúnasa 1998, mar chuid de Chlár Dílárnú an Rialtais ach coinníodh fo-oifig eolais in mBaile Átha Cliath.