Ceard is maoine intleachtúla?

Print page iconPriontáil

Glactar i gcoitinne gurab í an bhrí atá leis an nath ‘Maoin Intleachtúil’ ná ‘chuile  rud a bhfuil an meon daonna mar údar air,  mar shampla idéanna, aragáin, dánta, dearthaí, ceol srl.   Mar sin is le idéanna cruthaíochta a bhaineann Maoin Intleachtúil.  Téann scaipeadh na nidéanna chun leas an phobail agus spreagann sé tuilleadh cruthaíochta.  Ach, a luaithe‘s a nochtar idéanna don phobal bíonn deis ag daoine eile iad a chóipeáil.  Ní thiocfadh lena núdar tairbhe a bhaint as a núsáid ach amháin faoi chreatlach stuama dlíthiúil a chruthaíonn cearta maoine as na hidéanna sin.

Díríonn an míniú dlíthiúil ar chearta maoine ar an ábhar gur féidir leas a bhaint astu agus gur léir gur de thoradh meabhair iad.  Is ar na cearta sin atá an dlí uilig ar mhaoin intleachtúil bunaithe:  dlí paitinne mar chosaint ar aireagáin; dlí cóipchirt mar  chosaint ar litríocht, ceol, ealaín, taifeadtaí fuaime agus craobhscaoilte; maraon le dlí dearadh tionscail agus dlí trádmhairc.

Is  féidir smaoineamh ar mhaoin tionscail faoi dhá mhórchraobh:

  1. Maoin tionscail, go mór mór Paitinní ar aireagáin, Trádmharcanna agus DearthaíTionscail 
  2. Cóipcheart i saothar bainteach le litríocht, ceol, ealaín, griangraifeadóireacht, agus i saothar éist-amharc.