(A) Príobháideachas
Caithfear de réir dlí sonraí pearsanta ( mar sh. ainm, seoladh, uimhir teagbhála an iarratasóra ( duine, comhlacht nó corporáid)) a chur chuig Oifig na bPaitinní le haghaidh clárú cearta maoin intleachtúil, nó chun athrú ar sheoltaí dá sealbhóirí bainteach le Acht na bPaitinní 1992 agus 2009, Acht na dTrádmharc 1996, Acht na nDearthaí Tionscail 2001 agus Acht um Chóipcheart agus Cearta Bainteach leis 2000. Ós rud é gur fháisnéis í seo a caithfear nochtú don phobal, ní thagann sí faoi scáth théarmaí an Ráiteas Phríobháideachais.
Aitheantas
Is é www.patentsoffice.ie ainm an tsuíomh idirlín. Má tá ceist agat faoi chúrsaí sonraí pearsanta ar an suíomh tig leat teagbháil linn ag Oifig na bPaitinní, Árus Rialtais, Br. Hebron. Cill Channaigh agus an litir a mharcáil le haghaidh Yvonne Cassidy.
Cuspóir
Úsáidfear do shonraí pearsanta ar an suíomh idirlín le haghaidh dochar ar do charta creidmheasa/laser más uait a leithéid chun táillí athnuacháin, táille dheonadh paitinne nó táille chláraithe ar Thrádmharc nó ar Dhearadh a íoch ar-líne. Is é polasaí na hOifige gan ach na gannshonraí riachtannacha a choimeád le haghaidh deighleáil le haon cheist a éireós i ndiaidh sin maidir leis an ghnó. Ní choinníonn Oifig na bPaitinní na sonraí (uimhir srl.) ar an chárta laser/creidmheasa ach coinníonn muid ainm agus seoladh an chustaiméara féin. Coinníonn Realex sonraí na gcartaí ar ár son agus is féidir leis an Oifig teacht orthu, dá mbéadh gá leis, trí mhean nasc idirlín.
Deintear anailís neamhphearsanta ar chuairteoirí ar an suíomh trí cuntas a choinneáil ar uimhreacha a gcuid PCanna (sin uimhir aitheantais an ríomhaire ar an idirlíon). Cuidíonn sé seo chun claonta a mheas, chun an suíomh a riaradh, cuardach an úsáideora a aimsiú agus chun eolas staitisticeach, nach féidir nascadh le faisnéis phearsanta, a bhailiú.
Nochtadh
Ní thabharfar sonraí pearsanta do aon dream eile ach amháin sonraí cartaí creidmheasa do Realex, atá ina sholathraí sábháilte le haghaidh íochaíochtaí ar-líne
(B) Slándáil
Is mór le hOifig na bPaitinní a freagracht as slándáil. Cuireann sí modhanna fisiciúla agus teicniúla cuí i bhfeidhm (ina measc traenáil na foirne agus díriú a nairdeall ar an ábhar) agus deintear athbhreithniú rialta ar na modhanna sin.
Úsáideann muid an teicneolaíocht Secure Socket Layer ( SSL) le haghaidh slándáil ar shonraí do chárta creidmheasa nuair a bhaineann tú leas as chun táille a íoch ar an suíomh idirlín. Feicfidh tú an glas ar scáileán do ríomhaire a léiríonn go bhfuil rúnscríobh i ndiaidh bheith curtha ar an aistriú sonraí ó do ríomhaire go dtí ár suíomh.
Nuair a chuireann tu sonraí laser/cárta creidmheasa chugainn le linn gnó ar-líne ní choinníonn muid an t-eolas ar an suíomh seo ar chor ar bith ach seoltar é ar aghaidh go dtí an comhlacht Realex, atá ina sholáthraí sábháilte ar íochachtaí ar-líne.