Cén fáth clárú a dhéanamh?

Print page icon Priontáil

Canathaobh a chlárófá Trádmharc?

  • Mar go gcruthódh sé cuntas oifigiúil ar do chearta mar shealbhóir ar thrádmharc faoi leith agus go gcuideódh sé leat cosc a chur ar dhaoine eile é a úsáid
    Tugann clarú an trádmhairc cearta dlíthiúla, de réir choinníolacha áirithe, chun cosc a chur ar dhaoine eile usáid a bhaint as trádmharc (mura bhfuil cead acu ón sealbhóir).  Sé sin cosaint ar shárú.
  • Bronnann an clárú ceart eisiach ar an sealbhóir cead úsaidte an trádmhairc a thabhairt do dhaoine eile ar chóras ceadúnais le h-aghaidh na dtáirgí agus/nó seirbhísí ar a bhfuil an trádmharc cláraithe.


B’fhearr duit smaoineamh ar chlárú do thrádmhairc más mór duit go mbéadh do chuid cuistiméirí i ndán idirdhealú a dhéanamh idir do chuid   táirgí agus seirbhísí  féin ó chinn na hiomaíochta.  Rachfadh úsáid trádmhairc gan cead chun aimhleas gnó agus cailleadh dea-thola i ngnó an tsealbhóra dhlistinigh.  Bíodh nach bhfuil an clárú éigeantach, cuidíonn sé chun drogall a chur ar daoine eile leas a bhaint as dea-cháil an trádmhairc nuair is eol díbh go dtiocfadh leis an sealbhóir an dlí a chur orthu mar  gheall air.  

I gcásanna áirithe, tig le húsáid chalaoiseach thrádmhairc  ar earraí (gan cead ón sealbhóir), nó seilbh ar earraí nó ábhar ar a bhfuil marc ionann le nó an-chosúil le trádmharc cláraithe, bheith ina cúis fogha dlí faoi Acht  na dTrádmharc, 1996.