Cineálacha Trádmhairc

Print page icon Priontáil

Gnáththrádmharc

Seo an marc is coitianta díobh ar fad.  Bíonn sé i bhfoirm focail, mana, lógó srl. a bhfuil de chuspóir aige earraí agus seirbhísí a sealbhóirí a idirdhealú ó iad siúd de chuid trádálaithe eile.

Cnuasmharc

Séard atá i gcnuasmharc trádála ná comhartha a fheidhmíonn mar idirdhealú idir earraí nó seirbhísí lucht cumainn amháin ó iad siúd de chuid dreamanna eile

Marc Deimhnithe

Deimhníonn an marc seo caighdeán ar earraí nó seirbhísí ó thaobh mianaigh nó gnéithe eile.   Níl cead ag sealbhóirí an trádmhairc seo láimh a chur i dtrádáil sna hearraí/seirbhísí faoina réim.

Sraith de thrádmharcanna

Ciallaíonn é seo sraith de thrádmharcanna  atá  cosúil go leor gan ach mion-difríochtaí eatortha  agus nach gcuireann iad siúd a naitheantas as a riocht.

Trádmharc trí-thomhaiseach

Bíonn é seo i gceist nuair is cruth earra nó táirge nó a phacáistiú ar a bhfuil an clárú ag teastáil.