An Modh Iarratais

Print page icon Priontáil

Na céimeanna.
Nuair a thagann iarratas isteach, ar a bhfuil na sonraí riachtanacha, cuirtear uimhir  iarratais agus dáta admhála ina leith i gcóras cuntas na hOifige agus cuirtear  admháil ina thaobh go dtí an t-iarrthóir.

‘Siad seo a leanas na bun-riachtanais:-

  • Iarratas ar chlárú ( moltar é  seo a dhéanamh ar an fhoirm iarratais s’againne)
  • Ainm agus seoladh an iarrthóra
  • Samhlú ar an mharc
  • Ráiteas nó liosta des na hearraí agus/nó na seirbhísí ar a bhfuil clúdú an mhairc ag teastáil

Ansin deintear scrúdú ar an iarratas ó thaobh a iontofacht le haghaidh cláraithe.  Cuardaítear na stórais sonraí le fáil amach an bhfuil an trádmharc sin, nó ceann cosúil leis,   cláraithe  cheanna  féin. Más  amhlaidh a bhfuil,  tig leis an Oifig an t-iarratas a dhiúltú.

Tá bacanna eile ann a chuirfeadh le diúltú an  iarratais,  mar shampla marc  nach  raibh ann ach ábhar molta ar chaighdeán  an táirge m.sh. ‘ den  scoth’ nó comhartha a bhéadh i ndiaidh ciall aicmeach a fháil sa réimse sin de  chúrsaí  trádála ( m.sh. ‘.com,’ ‘eco’).

Má tharlaíonn sé gur dócha go bhfuil an Oifig a gabhail a bheith diúltach i dtaobh an iarratais cuirfear é seo in úil don iarrthóir, agus beidh deis aige/aice moltaí  a chur isteach ag tacú lena c(h)ás agus murar leor é sin,  bhéadh cead aige/aici más mian leis/léi buaileadh le hoifigeach  sinsearach ón Oifig chun an cás in aghaidh an diúltaithe a phlé.

Má éiríonn leis an iarratas le haghaidh clárú fógrófar na sonraí in Iris na  hOifige.  I rith tréimhse 3  mhí i ndiaidh na fógraíochta  sin beidh  deis ag éinne, a bhéadh in aghaidh deonadh don iarratas sin, fógra cur-in-aghaidh a chur go dtí an Oifig in éineacht leis an táille cuí agus cuirfeadh an Oifig  cóip  de go dtí an t-iarrthóir.  Tabharfaí an  deis  don dá thaobh fianaise a chur isteach ag cur lena gcás.  I ndiaidh na fianaise  ar fad ar son nó  in aghaidh clárú an trádmhairc a thabhairt san áireamh, is ar oifigeach  sinsireach san Oifig a bhéas an cinneadh i dtaobh clárú nó diúltú don trádmharc sa deireadh.

Cén  fad a mhairfidh an clárú?
Níl  téarma ama leis a fhad is a deintear an t-athnuachán gach 10 mbliana ( ag tosnú 10 mbliana i  ndiaidh data admhála an iarratais)  ar an táille cuí.