Rangú ar Mharcanna Fíortha

Print page icon Priontáil

Tá an Rangú VínLinks to external website glactha go h-idirnáisiúnta mar chóras rangaithe ar na codanna
fíortha de  na marcanna.  Ní hionann é leis an Rangú Nice atá bainteach leis na hearraí agus na  seirbhísí lena a mbeidh baint ag an trádmharc i  gcúrsaí trádála,  tá an Rangú  Vín  dírithe ar na marcanna fíortha iad féin agus ní thagann na hearraí/seirbhísí san áireamh.  Sí bun-aidhm Rangú  Vín ná córas  a leagadh síos le  gur féidir cuardach agus comparáid a dhéanamh ar chláracha ríomhaireachta i dtaobh trádmharcanna fíortha.