Is é atá sa Dréachtchonradh Madrid nó córas a choinníonn clár idirnáisiúnta ar na trádmharcanna faoi riaradh an Oifig Idirnáisiúnta den Eagras um Maoin Intleachtúil Domhanda
(WIPO). Tugann an córas idirnáisiúnta cláraithe deis do shealbhóir trádmharc é a chosaint i slám tíortha agus gan ach aon fhoirm iarratais amháin a líonadh in aon oifig amháin agus in aon teanga amháin ( béarla/spáinís no fraincís)ar aon táille amháin in aon airgeadra amháin (francanna Éilbhéiseacha).
Dhaingnigh Éire Dréachtchonradh Madrid ar an 19ú lá de Mhí na Súl Buí 2001 agus thánaigh sé i réim sa tír seo ar an 19ú Deireadh Fomhair 2001. Mar sin is faoi réir Dréachtchonradh Madrid a láimhseáiltear 'chuile iarratas ar thrádmharc in Oifig na bPaitinní in Éireann.
Pointí Tábhachta
De réir Dréachtchonradh Madrid caithfear an t-iarratas idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar iarratas náisiúnta ar thrádmharc nó ar chlárú atá comhadaithe in Oifig na bPaitinní in Éirinn (ar a ghlaoightear 'An Oifig Bhunaidh').
Ní ghlacann an an Oifig Idirnáisiúnta le hiarrataisí direach ón iarratasóir.
De réir Mhír 2(1) den Dréachtchonradh níl cead ach le duine gur Éireannach é nó atá ag cónaí sa tír seo nó a bhfuil ionad fíor-éifeachtúil gnó nó tionscail aige ann, iarratas idirnáisiúnta a dhéanamh agus Oifig na bPaitinní in Éirinn a lua mar bhunoifig leis.
Ní ghlacfar ach le hiarrataisí idirnáisiúnta ar a bhfuil Éire mar thír bhunaidh ann in Oifig na bPaitinní agus diúltófar aon chinn eile.
Caithfear ar a laghad tír amháin ( nach í an tír bhunaidh í) atá páirteach sa Dréachtchonradh a luadh san iarratas idirnáisiúnta. Tá sonraí ar na tíortha atá páirteach i nDreachtchonradh Madrid
le fáil ar an suíomh idirlín de chuid an Eagrais Domhanda um Maoin Intleachtúil (www.wipo.int
)
Caithfidh na hiarrataisí idirnáisiúnta a cuirfear chuig Oifig na bPaitinní bheith
- ar an fhoirm oifigiúil (form MM2
) - clóscríofa
- i mBéarla
- Ní féidir sraith de thrádmharcanna a chur ar iarratas idirnáisiúnta. Caithfear iad a chur ar iarrataisí scartha.
- Caithfidh go mbíonn an marc ar an iarratas idirnáisiúnta díreach mar an gcéanna leis an cheann a bhfuil cosaint air sa bhun-iarratas/clárú. Caithfidh dath agus cur síos scríofa bheith luaite san iarratas agus mura mbíonn diúltófar do.
- Ní féidir an tsonraíocht ar an iarratas idirnáisiúnta a bheith níos leithne ná an liosta de earraí agus seirbhísí a bhfuil cosaint orthu sa bhun iarratas nó sa bhunchlárú ar a bhfuil sé bunaithe. Má tharlaíonn sé go mbíonn giorrú ar raon na sonraíochta i ndiaidh clárú an bhuniarratais caithfear an giorrú céanna a dhéanamh ar raon an chlárú idirnáisiúnta faoi Dhréachtchonradh Madrid.
- Is féidir tosaíocht siar go dtí dáta an iarratais náisiúnta a fháil má dheintear an
t-iarratas idirnáisiúnta taobh istigh de 6 mhí ina dhiaidh.
Nóta:- Mura mbíonn an fhoirm MM2 comhlíonta i gceart tá séans go gcruthódh sé faibhbeanna i dtaobh an dáta comhaid. Ba chóir seoladh ionlán poist agus uimhir ghuthán lae a chur ar an fhoirm ionnas gur féidir teagbháil leis an iarrthóir dá mbéadh gá leis. Is féidir go gcuirfeadh aon mhoill i dtaobh an dáta comhaid isteach ar an éileamh ar thosaíocht. Mar sin is ar an iarrthóir a bhfuil an freagrachas an fhoirm a líonadh i gceart agus aon cheist faoi a fhreagairt gan mhoill.
An Modh
Nuair is í Éire an bhunoifig cheart cuirfidh Oifig na bPaitinní adhmháil amach agus seolfaidh sí an t-iarratas ar aghaidh go dtí an Oifig Idirnáisiúnta
Deinfidh an Oifig Idirnáisiúnta scrúdú air féachaint an gcomhlíonann sé na riachtainisí cuí agus mura gcomhlíonann cuirfidh sí an fhaidhb in úil don iarrthóir agus don Oifig bhunaidh. Bíonn seal teoranta ama ansin le haghaidh ceartúcháin a dhéanamh agus i gcásanna áirithe measfar go bhfuil an t-iarratas tréigthe mura mbíonn sé curtha i gceart taobh istigh den seal sin.
Má chomhlíontar na riachtainisí foilseofar an marc san Iris Oifigiúil de chuid WIPO agus cuirfear uimhir idirnáisiúnta cláraithe leis. Cuirfidh an Oifig Idirnaisiúnta, atá suite i Ginéiv san Eilbhéis, na sonraí go dtí na tíortha atá luaite ar an iarratas. Deineann gach tír díobh siúd scrúdú ar an mharc de réir a reachtaíocht trádmhairc féin agus deineann 'chuile cheann díobh a cinneadh féin ar dheonadh nó diúltiú cosanta ar an iarratas. Má fhaightear locht ar an iarratas nó má bhíonn cur in aghaidh le linn an scrúdaithe cuirtear fios ar an Oifig Idirnáisiúnta a chuireann sealbhóir an chlárú idirnáisiúnta ar an eolas.
Bíonn an éifeacht chéanna ag clárú idirnáisiúnta agus a bhéadh ar iarrataisí náisiúnta dá mbéadh siad i ndiaidh bheith seolta scartha go dtí chuile cheann des na tíortha ann. Deineann an Córas Madrid simpliú ar riaradh an mhairc i dtíortha iasachta mar is féidir athruithe ar úinéireacht nó ainm nó seoladh an tsealbhóra nó athchlárú a dhéanamh in aon chéim amháin san Oifig Idirnaisiúnta.
Tá an Clárú Idirnáisiúnta ag braith ar an bhuniarratas/clárú sa tír bhunaidh go ceann 5 bliana ó dháta comhaidh an chlárú idirnáisiúnta. Mar sin má dhiúltaítear an t-iarratas Éireannach nó má tharaingítear siar é, nó má théann sé as feidhm ar chúis ar bith le linn na tréimhse 5 bliana sin, rachaidh an clárú idirnáisiúnta as feidhm chomh maith.
Caithfear na táillí
ar fad bainteach le hiarratas idirnáisiúnta a íoch díreach le WIPO agus tá sceideal na dtáillí idirnáisiúnta agus áithritheoir fána choine ar an suíomh idirlín de chuid WIPO (www.wipo.int
)
Nóta :- Níl thuas ná achoimre ar na príomhphointí arb' fhiú macnamh orthu agus Iarratas Idirnáisiúnta ar Thrádmharc á chur isteach ar Oifig na bPaitinní in Éirinn agus ní treoir iomlán í ar an chóras um trádmharcanna idirnáisiúnta a chlárú.