Treoracha ar líonadh an Fhorim Iarratais
Cuid a hAon
Sonraí an iarrthóra
Caithfear ainm, seoladh, náisiúnacht an iarrthóra a lua.
-------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Dó
Ionadaí Dlíthúil
Luaigh ainm agus seoladh an Ghníomhaí Trádmhairc, Dlíodóra nó duine cáilithe eile
--------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Trí
Seoladh le haghaidh Seirbhíse
Má tá ionadaí dlíthiúil agat glacfar a sheoladhsa le haghaidh seirbhíse. Mura bhfuil cuir an seoladh atá uait le haghaidh chomhfhreagras i dtaobh an iarratais sa mhír seo.
--------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Ceathar
Caithfidh tú samhail den mharc, bíodh sí focal agus/nó pictiúr nó cibé rud gur féidir léiriú graificeach a dhéanamh air, a chur go dtí an oifig in éineacht led’ iarratas. Ná bíodh an mhacasamhail níos mó ná 8cm x 8cm
-------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Cúig
An Cineál Mairc
Más gnáthmharc atá ann ní gá aon bhosca a thiceáil ach más cineál eile atá ann ticeáil an bosca cuí thíos
Marc Cnuasach
Seo marc a cuireann earraí/seirbhísí de chuid lucht eagrais faoi leith in úil don phobail
Marc Deimhnithe
Léiríonn an marc seo deimhniú ar chaighdeán mianach an táirge nó na seirbhíse. Bíonn an marc seo cláraithe faoi ainm eagras an deimhnithe agus níl cead ag an eagras féin bheith bainteach le dtrádáil earraí nó seirbhísí a bhfuil an deimhniú faoina gcuram.
Sraith de thrádmharcanna
Glaoítear ‘sraith’ ar raon de thrádmharcanna ar iarratas nuair nach bhfuil eatortha ach mion-difríochtaí nach gcuireann isteach morán ar aitheantas an mhairc
Marc trí-thomhaiseach
Ticeáil an bosca seo nuair is cruth earra nó táirge nó a phacáistiú ar a bhfuil an clárú uait.
--------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Sé
Dath
Má tá tú ag iarraidh dath/anna faoi leith mar chuid den trádmharc ba chóir an/na dath/anna sin a lua sa mhír seo. Mura bhfuil dath uait mar chuid den mharc fág an chuid seo glan.
-------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Seacht
Éileamh ar Thosaíocht
Má tá tú ag éileamh tosaíochta i dtaobh iarratais a cuireadh isteach níos luaithe i dtír eile atá ina chuid de Choinbhinsean Páras, ba chóir duit na sonraí ar fad a lua sa chuid seo.
--------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a hOcht
Aicmí na nEarraí agus/nó Seirbhísí
Sa mhír seo léirigh na hearraí/seirbhísí ar fad sna haicmí cuí a bhfuil sé ar intinn agat do mharc a úsáid. Gheobhaidh tú léiriú ar na haicmí sa Nice Classification Of Goods and Services . Tá earraí sna haicmí 1 go dtí 34 agus seirbhísí 35 go dtí 45. Is fearr bheith cúramach agus na hearraí/seirbhísí á liostáil agat mar ní bheidh cead agat an liosta a leathnú i ndiaidh cur isteach an iarratais.
--------------------------------------------------------------------------------------------------
Cuid a Naoí
Dearbhú agus Síniú
Tá dearbhú sa chuid seo i dtaobh úsáid an mhairc. Caithfear an fhoirm iarratais a shínú bíodh sé ag an/na iarrthóir/í féin, a (n)Gníomhaí trádmhairc cláraithe nó a nionadaí dlíthiúil. Más in ainm comhlachta atá an t-iarratas ba chóir an post sa chomhlacht de chuid an duine a shínigh an fhoirm a lua.
--------------------------------------------------------------------------------------------------