Is chun rangú idirnáisiúnta le haghaidh clárú trádmharcanna a cuireadh Chomhaontú Idirnáisiúnta Nice ar bun faoi choimirce an World Intellectual Property Organisation ( Eagras Domhanda de Mhaoin Intleachtúil) agus is faoina scáth siúd a fheidhmíonn an córas rangaithe ar éarraí agus seirbhísí. Tá Éire ina ball den Aontas Nice agus cuireann an Oifig seo an córas rangach Nice i bhfeidhm.
Faoin Rangú Nice
tá 45 ranganna éagsúla bainteach le bia agus deoch, cógaisaíocht, seirbhísí airgeadais srl. Clúdaíonn ranganna 1 go dtí 34 na hearraí, agus clúdaíonn 35 go dtí 45 na seirbhísí. Is féidir trádmharc a chlárú i dtaobh rang amháin nó roinnt ranganna ag clúdú earraí nó seirbhísí nó meascán díobh más gá , ach ní shíneann an chosaint thar na ranganna a aimsítear san iarratas.
Sa chuardach a deintear roimh an t-iarratas a chur isteach, moltar don iarrthóir breathnú ar chuile rang ina mbéadh seans a leithéad a bheith ann cheanna féin ( agus ní amháin sna ranganna ina bhfuil an trádmharc ag teastáil). Aimsíonn an liosta cros-chuardach na ranganna arb fhiú cuardach breise a dhéanamh orthu.