Táille ar an iarratas
Tá táille €70 ar iarratas a aimsíonn rang amháin de earraí/seirbhísí, móide €70 ar ‘chuile rang breise a luaitear ann. Caithfear an táille a íoch taobh istigh de mhí agus mura ndéantar sin glactar leis go bhfuil an t-iarratas i ndiaidh dul i léig.
Táille chláruithe
Má sheasann an t-iarratas i ndiaidh fógraíochta san Iris bíonn an trádmharc réidh le clárú agus a luaithe is a thagann an táille chláruithe ( €177) isteach bíonn an trádmharc bailí ar na ranganna ar fad gur ceadaíodh ar an iarratas.
Athnuachán
Tá táille €250 má tá an t-iarrthóir ag iarraidh an trádmharc aimsithe ar rang amháin de earraí/seirbhísí a athnuachán 10 mblaina i ndiaidh dáta admhála an iarratais. Ar gach rang breise ann bhéadh €125 an ceann le n-íoch.
Is é sin thuas na gnáth tháillí ar chlárú agus athnuachán. Tá táillí breise ann ar achainíocha chun gearradh siar ar raon na rangannaí de earraí nó seirbhísí nó achainí ar an iarratas a aistriú, athrú ar ainm nó seoladh, sanntaí agus ceadúnais srl. Tá liosta iomlán na dTaillí ar thrádmharcanna ar fáil i Rialacha ar Tháillí Paitinní, Trádmharcanna agus Dearaí, 2001 ( S.I. uimh. 482 de 2001)
Tá tuilleadh faoi seo le fáil sa nasc modhanna íochíochta.