Bunaíodh an
OCMI (Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach)
chun
rogha a thabhairt d’úinéirí thrádmharcanna a dtrádmharcanna a chlárú i
ngach ceann de 25 tír an AE ag úsáid gnáthaimh amháin clárúcháin.
Tháinig an Trádmharc Pobail i bhfeidhm ar an 1ú Aibreán 1996 agus
tugann sé clárú amháin don úinéir, atá bailí i ngach ceann de 25 tír an
AE.
Is féidir leis an iarratasóir ar Thrádmharc Pobail (TP) iarratas a chur
díreach chuig an OCMI nó an t-iarratas a chur tríd Oifig na bPaitinní
in Éirinn in éineacht le táille láimhseála de €25. Má dhéantar
iarratas ar TP tríd Oifig na bPaitinní in Éirinn, tabharfaidh an Oifig
admháil go bhfuarthas an t-iarratas agus cuirfear ar aghaidh láithreach
é chuig an OCMI. Is é a dháta comhdúcháin an dáta ar a bhfaightear san
Oifig seo é. Lasmuigh den táille láimseála, is gá gach táille eile
chomh maith leis an táille comhdúcháin a íoc díreach leis an
OCMI.
Is féidir na sonraí go léir a bhaineann le córas clárúcháin an
Trádmharic Phobail, chomh maith le foirmeacha iarratais agus nótaí
maidir lena gcomhlánú, mar aon le táillí agus modhanna íocaíochta a
fháil ó shuíomh gréasáin an
OCMI
.