Má tá tú ag iarraidh trádmharc a chlárú ba cóir duit cuardach sna stórais sonraí (atá millteach mór) chun fáil amach ar dtús an bhfuil a leithéid cláraithe nó ar feitheamh ag duine eile cheana féin. Buíochas do dhá chonradh faoi stiúr an World Intellectual Property Organisation (An t-Eagras Domhanda um Mhaoin Intleachtúil) suite i Nice agus i Vín tá na sonraí bainteach le trádmharcanna eagraithe i rannóga a chuidíonn go mór le cuardú agus baint amach. Déantar athshocrú ar na córais eagrúcháin de réir athruithe agus feabhsúcháin i modhanna trádála.