Tig le haon duine nó comhlacht iarratas a chur isteach le haghaidh trádmharc a chlárú agus is cuma a dtagann an t-iarratas riomh nó i ndiaidh úsáid an trádmhairc fhéin. Ar ndóigh b’fhearr gan an t-iarratas a chur ar an mhéar fhada mar bhéadh seancs go dtabharfadh sin deis do iomaitheóir tosaíocht a fháil ort lena iarratas féin.
Ní gá ach an fhoirm iarratais ( Foirm 1) a líonadh agus a chur go dtí Oifig na bPaitinní, Áras Rialtais, Br. Hebron, Cill Chainnigh. Tig leat an Táille Iarratais a íoch láithreach in éineacht leis an iarratas , nó taobh istigh de mí ina dhiaidh.
Glacfaidh Oifig na bPaitinní le hiarratas trádmhairc ar an faics 00353 56. 7720179 nó lo-Call 1890 220120. Má fhaightear an t-iarratas ar faics i rith an lae le linn am oscailte ( sé sin roimh 5 i.n.) stampáilfear é le dáta an lae sin má bhíonn na bunriachtainisí clúdaithe ann.
Más íomha atá san iarratas faicseáilte, glacfaidh an Oifig gur ceann dubh agus bán é. I gcás gur ceann daite atá uait, agus ní ceann dubh agus bán ar chor ar bith, bhéadh ort táille breise €35.00 a íoch le haghaidh ceann daite a chur i ionad an chinn faicseáilte.
Tig leis an iarrathóir a chás a dhéanamh go pearsanta nó tig leis/léi seirbhísí Gníomhaire Trádmhairc a fháil chun cuidiú leis. Má sheasann an t-iarratas ó thaobh riachtainisí de, beidh feidhm aige siar go dtí an dáta ar cuireadh do dtí an Oifig é.