tractor

Eolaíthe agus Cumadóirí Éireannacha

Print page icon Priontáil

Thar na céadta blian ba léir do chách gur thír í Éire ina raibh neart cumadóirí agus go raibh éifeacht tabhachtach ag cuid mhaith díobh ina réimse fhéin. Tá liosta thíos  de roinnt eolaithe a chur coda le domhan na heolaíochta agus na nuálaíochta.

  • Barry, Vincent ( 1908-1975) Corcaíoch a stiúraigh foireann taighde leighis a thánaigh aníos  le cumasc ( B663) a raibh ról lárnach aige ar leigheas ar an lobhra.
  • Beaufort, Sir Francis ( 1774-1857).  Sa bhlian 1805 thánaigh an fear seo ó An Uaimh aníos le scála chun neart na gaoithe a thomhais - scála a bhfuil a ainm air anois.  Ceannasaí céimiúl cabhlaigh a bhí ann, agus ghlac cabhlach na Breataine leis an chóras Beaufort sa bhlian 1838.
  • Boyle, Robert ( 1627-1691).  Duine des na céad cheimiceoirí a bhí ann agus is mó a chuidigh sé leis an reabhlóid eolaíochta le linn a ré.  Ba í an fhionnachtain is mó a bhfuil clú air faoi ná an comhréir idir  brú agus toirt ar ghásanna, rud a cur go mór lenár dtuiscint ar ghásanna  agus éifeacht an bhrú atmasféarach orthu. 
  •  Brennan,, Louis ( 1852-1932) fear ó  Chaisleán a Bharraidh a chum an chéad diúrachan teoraithe – cineál torpedo a bhí ann a bhí  in úsáid mar ghléas cosaint cósta.   Rinne sé dearthaí ar aonráille traenach fosta agus ar ingearán chomh maith.
  • Bull, Lucien ( 1876-1972)  Cumadadóir cumasach ó Bhaile Átha Cliath a raibh lámh aige i bhforbairt grianghraifeadóireacht ar árd-luas  le go bhféadfaí íomhánna a fheiceáil ar mhall-luas.   Bhain sé paiteann amach ar leagan leasaithe ar an electrocardiogram fosta
  • Callan, Rev. Nicholas ( 1799-1864)  rugadh é i nDrom Iscinn, Co. Lú agus chum sé an corna ionduchtaithe agus dionamó féin-spreagach (1838) atá fós in úsaid sa lá inniú.
  • Clerke, Agnes ( 1842-1907)  ba bhean í ón Sciobairín a scríobh an iliomad ar chúrsaí réalteolaíochta agus de bhárr a clú ainmníodh cráitéar ar an ghealach ar imeall Mhuir an tSuamihnis ina diaidh  sé sin ‘Clerke Crater’ sa bhéarla.
  • Coffey, Aeneas, ( 1780-1852) Ba Bhláth Cliathach é a chum an chéad ghléas malartú teasa sa bhlian 1830.  Baineadh leas as a phaitinn chun forbairt a dhéanamh ar dhriogadh an uisce beatha.
  • Collis, Robert ( 1900-1975) Ba dhochtúir ó  B.A.C. é a  bhí ar tosach na  teicníochta naíonáin anabaí a chothú le feadán sróine in áit iad a bheathú le spúnóg.  Chomh maith le sin do chum sé goradán a bhí simplí agus saor le haghaidh naíonáin anabaí.
  • Davidson, Sir Samuel ( 1846-1921) Ba ó Bhéal Feirste dó agus  bhí lámh aige i neart aireagán mar shampla gléas le haghaidh tae a thriomadh, an gaothrán lártheifeach a riabh lanna tosaigh air agus fiú lámhghunna Howitzer.
  • Dixon , Henry Horation ( 1869-1953) Ba ó Bhaile Átha Cliath dó agus do ba é an chéad duine a léirigh go dtarraingaítear an sú ó  bhárr an chrainn aníos go dtí na  craobhacha agus nach mbrútear é  suas ó na fréamhacha ar chor ar bith ( creideamh lochtach a bhí coiteann ag an am).  
  • Drumm, Dr. James ( 1896-1974) a thánaigh ó  Chontae an Dúin agus a chum an bataire inathlíonta nicil-sinc i 1930.  I ndiaidh iad a thástáil ar thraein  i 1931 fuarathas amach go raibh a lán buntáistií ag batairí Drumm thar na cinn riomhe – go  mór ina gcumas díluchtú agus athluchtú go gasta.
  • Fitzgerald, George Francis ( 1851-1901).  Ollamh le fisic i gColáiste na Trionóide, ba eisean an chéad duine a mhol go bhféadfaí tonnta radio a chruthú sa tsaotharlann – Chruthaigh Heinrich go raibh an ceart aige i dtástáil ar a theoiric sa  bhlian 1888.
  • Ferguson, Harry ( 1884-1960)  a raibh an leasainm ‘mad mechanic’ air, bé a chum céachta nua a bhféadfaí  cúpláil le tarrchóir i nasc trí-phointe, sa dóigh gur aonad amháin a bhí ionntu.   Ba réabhlóid é an córas Ferguson i réimse na talmhaíochta.   Chum sé gluisrothar, carr rásaíochta agus eitileán agus ba eisean an chéad Éireannach san aer nuair a d’eitil sé sa bhlian 1909.
  • Geoghegan, Samuel ( 1844-1928) Bláth Cliach a bhí ina  línitheoir agus innilteóir meicniúil agus a d’obair sa ghrúdlann Guinness.  Rinne sé neart traenacha beaga gaile chun dul ar na ráillí cúnga sa suíomh ag Geata Naomh Sheamais.  Rinne sé vaigíní inathraithe a chuidigh leis na traenacha ráillí cúnga dul ar an ráillí leathana ar an bhóthar taobh amuigh de shuíomh na grúdlanna fosta.
  • Gregg, John Robert ( 1868-1948) ba  fhear é ó Mhuineachán a chum an córas luathscríbhinne i 1888.  Bhí an córas bunaithe ar chéird na scríobhnóireachta  traidisiúnta agus cuireadh in oiriúint  é do neart teangacha i ndiaidh sin.
  • Hamilton, William Rowan ( 1805-1865)  matamaticeoir (  agus páiste iontach) a chuir go mór  le saol na matamaitice mar shampla,   réamhinsint ar chlaonadh gathanna solais i  gcriostail déáiseacha agus i bhforbaint teoiric na quaternion, a fuarathas amach níos déanaí go raibh éifeacht aici i bhfisic cantam agus i  meicneoireacht.
  • Holland, John Phillip (1841-1914)  ba as  Lios  Ceannar  dó agus tá clú air as an chéad bhád fo-thoinn a dhéanam a raibh an t-ainm ‘Fenian Ram’ air.  Chum sé gléas le go dtiocfadh le mairnéalaigh éaló uaidh dá mbéadh sé i mbaol a bháite. 
  • Jellet, Rev. John ( 1817-1888)  ón  gCaiseal, Co. Tiobraid Árann dó agus do chum sé gléas, ar a ghlaogh sé saccharimeter, chun an méid siúicre i lachtanna a mheas trí mhean gathanna solais polaraithe.
  • Joly, John ( 1857-1933)  As Holywood Co. Uí Fáille dó agus tá a ainm luaite le neart aireagán ;  leámhéadar chun leáphointe mianraí a aimsiú, calarméadar le haghaidh sainteochtanna agus fótóméadar le haghaidh déine solais a thomhais.  Bhí sé ar an fhoireann a chuir tús le radgníomhú mar chóir in aghaidh na hailse agus bhí sé freagrach as an chéad mhodh a raibh rath air chun griangraifeanna daite a bhaint ó phláta amháin.  
  • Kyan, John (1774-1850)  Chum sé caomhnaire le haghaidh adhmaid éagsúla agus bhain sé paitinn amach air i 1832, agus fiú sa lá atá inniú ann tá  an ainm ar an  teicníocht ar a ghlaoítear ‘kyanisation’
  • Leared, Arthur ( 1822-1879)  Ba dhoctúir é ó Loch Garmain a chum an steiteascóp dhá-chluas sa bhlian1851.  Ba é an chéad duine a d’aimsigh tábhacht súanna an bhriseáin i ndíleá saille.
  • Mallet, Robert ( 1810-1881)  Ba sa bhlain 1851 a tháinigh an focal seismolaíocht sa chaint don chéad uair i ndiaidh do Robert Mallet luas ‘tonnta’ ar charraigeacha ar  dhromchla na talún a thomhais le linn pléascán dinimite.
  • Martin, Sir James ( 1893-1981)  Ba innilteoir é ó Chontae an Dúin agus chum sé an chéad suíochán teilg-éalaithe.  Triallíodh é i dtimpist réamheagraithe ar chorp bréige i 1945 agus ghlac fear arb ainm dó Bernard Lynch páirt i dteist bheo an  bhlain i ndiaidh sin.  Ní raibh sé  i  bhfad i tar éis sin go dtí gur ghlac an RAF é mar  ghnáth ghléas slándála.
  • Mitchell, Alexander ( 1780-1868) ba innilteoir dall é ó B.A.C. a chum agus a fuair paitinn ar an  ‘Mitchell Screwpile and Mooring’ gléas simplí ach éifeachúil chun tithe solais buana agus feistú loinge a chur in uisce domhain, in oitreacha láibe agus ar ghaineamh reatha.  
  • Parsons, Sir Charles ( 1854-1931).  Ba ó Bhiora Co. Uí Fáille dó agus chum sé an chéad tuirbín a d’úsáid gal chun cumhacht a chur díreach ar an rótar in áit loiní tiománta mar idirghabhálaí eatorra.  Chuir nuálaíocht Pharsons borradh ar fhorbairt cumhachta ní amháin ar longa ach i ngineadh aibhléise chomh maith.
  • Preston, Thomas ( 1860-1900). Sa bhlian 1897 ‘aimsigh an fear seo as Cill Mhór an ‘Éifeacht Anamalous Zeeman’ sé sin an t-ainm ar an Éifeacht Zeeman (scoilteadh línte speictreacha i réimse maighnéadach) nuair nach leanann sé an fhoirm tríríneach mar a bhéadh an teoiric chlasiceach ag súil le.
  • Rynd, Francis ( 1811-1961).  Ba  dhochtúir  ó Bhaile Átha Cliath  dó a chum an steallaire fodheirmeach agus a bhain úsáid as sa chéad instealladh fochraicneach ag Ospideál na Mí i mBAC.
  • Stokes, George ( 1819-1903). Rugadh é i Scrín , Co. Shligigh agus ba i gCambridge idir 1845 agus 1850 a d’aimsigh sé gluaiseacht ruda trí lachtanna bealaithe de dhlúsanna éagsúla – sin dlí Stokes.  Idir 1909 agus 1913 d’úsaid an fisicí Meiriceánach Robert Milikan dlí Stokes mar bhunús ar thástáil baintech le luchtú leictreoin. Sa bhlain 1852 bhain George Stokes an Bonn Rumford mar gurab é an chéad duine a thánaigh aníos le míniú ar shruthshoilsiú.   Sa bhlian chéanna, rinne sé ceann dá bhearta is mó ar son na matamaitice nuair a bhí anailís ar siúl aige ar ghathanna solais aontreoacha faoi thioncar éilips – ‘Paraiméadair Stokes’.  Úsáidtear an téarma ‘paraméadair Stokes’ go dtí an lá inniú chun cur síos ar sholas a scaoiltear le linn triallach sna réimsí fisic adamhach agus i bhfisic radharcach chomh maith. 
  • Thompson, William, Lord kelvein ( 1824-1907) rugadh é i mBéal Feirsde.  Deineadh ridire de as a shaothar ar an Cábla Telegraife Atlantach a leagadh ó  Thalamh an Éisc go dtí Oileán Dairbhre i  gCiarraí sa bhlian 1865.  Ba mhór a shuim i dtomhas teochta agus i dteirmidinimic  agus is  uaidh sin a chruthaigh sé scála daingean teochta (an scála  Kelvin) atá ainmnithe  ina  dhiaidh.
  • Tyndall, John ( 1841-1901) Ba as Leighlin a Droichid i gCeatharlach dó agus  ba eisean a bhunaigh ‘nephelometry’ sin gné den eolaíocht atá bainteach le héifeacht  gathú leictramhaighnéadach ar lachtanna agus gáiseanna.   Bhí sé ar cheann des na céad eolaithe a thug aitheantas do ‘éifeacht an tí ghloine’ ar an aeráid domhanda agus ba eisean a chum an píoba solais atá ina  bhunshraith ar fhorbairt na ‘fibre optics’ atá again inniú.
  • Walker, John ( 1841-1901) Ba as Caisleán an Chomair  dó   agus ba eisean a chruthaigh fréamhshamhail ar an roth altach chun lomáin a iompar thar thalamh garbh sa choill go dtína chuid muileannacha sábhadóireachta.
  • Walton, Ernest ( 1903-1995)  .  Ba as Dún Garbhán dó  agus sa  bhlian 1932 rinne  seisean agus John Cockcroft scoilt shaorga ar an adamh agus ba uaidh sin a spreagadh an Aois Eithneach. 

Tagairtí


Tá tuilleadh eolais ar eolaithe agus cumadóirí Éireannacha le fáil í

-  Mary Mulvihil ; Ingenious Ireland, Townhouse & Countryhouse Ltd.
-  Baile Átha Cliath 2002.

- Charles Mollan, William Davis and Brendan Finucane: Irish Innovators in Science and Technology, Royal Irish Academh agus Enterprise Ireland, 2002.