An raibh a fhios agat?
Priontáil
- Sa bhlian 1902, chum Arthur Korn ( 1870-1945) an teileafotógraifíocht ‘sé sin modh chun griangrafanna a sheoladh ar shreangacha leitreacha. Sa bhlain 1907, sheol sé an chéad faics idirchathrach nuair a sheol sé grianghraf ó München go dtí Berlin.
- Cuir an Sasanach Timothy Berners-Lee, a bhí ina eolaí ríomhaireachta, an Gréasan Domhanda ar bun sa bhlian 1989 ionnas go mbéadh foirní taighde, a bhí scaipthe ar fud na cruinne, i ndán fanacht i dteagbháil le chéile.
- Sa bhlian 1931 chruthaigh Alfred Butts, a raibh dúil mhór riamh aige i gcrosfhocla, cluiche ar a bhaist sé an t-ainm ‘Criss Cross Words’ agus ar cuireadh an t-ainm ‘Scrabble’ air i ndiaidh sin.
- Sa bhlian 1933 dhearaigh Charles B. Darrow cluiche ar oléadach ar bhord na cistine a bhain a chlann agus a chairde an-chraic as. Thuig sé ansin gur b’fhiú é a sheoladh ar an margadh áit a raibh ráchairt mhór air an chluiche MONOPOLY ®, a bhfuil 500 milliún dhá imirt ar fud na cruinne.
- Do ba é an Dr Alan de Vilbiss as Toledo, Ohio a chum spréghunna in áit ceirte le haghaidh cógas a chur sa chluas nó sa tsrón.
- I 1843, i ndiaidh 10 mbliana de shaothar crua agus anró an bhochtanais, chuir Charles Goodyear an dlaoí mhullaigh ar a phróiséis chun ruibéar a bholcánú, sé sin é a mheascadh le sulfar chun ábhar bog solúbtha a chruthú nach gcuirfeadh an aimsir isteach air.
- Tá an VICTORINOX ‘Scian Arm na hÉilbhéise’ ar an saol le corradh is 100 blian. Cláraíodh an iluirlis áisiúil póca seo ar an 12 Meiteamh, 1897. Fágann 34,000 des na huirlisí póca seo (a mbíonn an chrois shoiléir na hÉilbhéise ar chuile cheann díobh) an mhonarcha ‘chuile lá
- I 1884 bhain an cumadóir Meiriceánach George Eastman paitinn amach ar an chéad rolla scannáin a bhí so-oibrithe. Sa bhlain 1888 chum sé an ceamara Kodak a b’é an chéad cheamara go baileach le haghaidh rolla scannáin agus in 1892 bhunaigh sé an Comhlacht Eastman Kodak i Rochester , New York a bhí ar cheann des na céad comhlachtaí a rinne olltairgeadh ar ghléasta caighdeánach fótagrafach.
- Glactar gurab é Bob Heft a dhearaigh bratach na Stat Aontaithe. Ba tionscnamh ranga é a leagan de bhratach ar a raibh 50 réalta agus glacadh leis i bhfógra uachtarántachta i ndiaidh teacht Alaska ach riomh teacht Hawaii isteach san Aontas i 1959.
- Taispeáineadh an bhábóg Barbie, a ainmníodh i ndiaidh Barbara, iníon Ruthe agus Elliot Handler, ag an American Toy Fair ( Féile na mBréagán Meiricánach) i New York i 1959. Ba mhór an tóir a bhí uirthí ag an am agus is beag an meath a tharla sna blianta ó shin agus anois le 1 billiún díobh díolta tá an line ábhair bainteach le Barbie ar an ceann is mó a bhfuil ráchairt uirthi i ngnó na mbréagán.
- Do ba é cás scaoilithe le haghaidh na gcon an chéad phaitinn a baineadh amach in Éirinn.
- Lá amháin i 1849 bhí Walter Hunt ag iarraidh fiacha $15 a íoch le cara. Bheartaigh sé ar rud nua a chumadh. Le píosa de shreang práise, a bhí thart ar 20 cm ar fhad a raibh cornán ina lár agus díon cosanta ar cheann amháin de, rinne sé an chéad biorán dúnta. Bhain sé paitinn amach air agus dhíol sé í ar $400.
- Ar an 29ú Lúnasa 1893 bhain Whitcomb L Judson paitinn ar a ‘dhúntóir gan chrúca’ – an dúntóir sip. Le teacht na bhfichidí bhí an sip in úsáid in éadach, bagáiste agus neart rudaí eile.
- Rinne Italo Marchiony an chéad cón uachtair reoite i New York sa bhlian 1896 thart ar 10 mbliana i ndiaidh teacht chun na tíre dó ón Iodáil. Bhain sé paitinn ( U.S. Patent No. 746971) amach ar i Mí na Nollag 1903.
- Do ba é an Doctúir John S. Perberton a chum Coca-Cola i 1885. Bhí lámh ag triúr ar leasú na foirmle go dtí gur smaoinigh Asa D . Chandler ar an tseift CO2 a chur sa deoch. Ba iad na súilíní a rinne an difríocht agus bhí an lá leis i ndiaidh sin. Bunaíodh an comhlacht Coca-Cola i 1892 agus bhí borradh rathúil air ‘chuile bhlian go dtí an lá atá inniú ann.
- Chum Erno Rubik an Ciúb Rubik sa bhlian 1974 nuair a chuir sé iarratas isteach le haghaidh paitinn ar an chéad fhréamhshamhail. Do ba a dhúil sa gheoiméadracht agus a staidéir ar fhoirmeacha tríhomhaiseacha agus ar na féidireachtaí rúnda ar chomhcheangal idir foirmeacha agus ábhair a spreag an t-aireagán ciúbach seo.
- Sa bhlian 1866, do chum Alfred Nobel , ceimicí Sualanach, ábhar pléasctha ar a ghlaoigh sé ‘dinimít’ air inar chuir sé mogall déanta as phacáiste de ábhar orgánach morthimpeall an nitriglicrín chun srian a chur ar a shoghalaíocht.