Designs

Dearthaí - stair ghairid

Print page icon Priontáil

1787

Ritheadh an ‘Designing & Printing of Linen Act’ (Acht um Dearadh agus Priontáil Línéadaigh) sa bhlian 1787 mar thoradh ar mheicneoireacht ar tionscail na fiodóireachta le linn na Réabhlóide Tionsclaíochta.  Thug an t-Acht sin cosaint teoranta cóipchirt dóibh siúd a bhí  bainteach le ‘ dearadh agus priontáil ar línéadach, cadás, calico agus muislín.  Tugadh ceart eisiach do lucht  an cóipchirt na dearthaí a phriontáil agus a athphriontáil ar feadh dhá mhí ón dáta foilsithe   a fhad ‘s a raibh ainm an úinéara marcáilte ar chuile bhall éadaigh.   Do b’ea rún an Achta ná tréimhse chosanta a chur ar an dearadh  go dtí go rachfadh sé ar an margadh.  Seacht mbliana  i ndiaidh sin fadaíodh an tréimhse go dtí trí mhí.

1839

Faoin ‘Copyright of Design Act, 1839 ( Acht um Cóipcheart Dearaidh)  leathnaíodh an chosaint ar éadach déanta as olainn, síoda, gruaig agus uigí measctha as aon bheirt des na hábhair seo a leanas: lín, cadás, olann, síoda nó gruaig.  Chlúdaigh sí gach bundearadh agus dearadh nua-chumtha  agus ní  raibh réim na cosanta  teorannta ar fhiodóireacht a thuilleadh.  Bhí cosaint le fáil anois ar an ornáidíochta agus ar chruth agus eagar ‘chuile earra déantúsaíochta.  Faoin Acht seo cuireadh córas clárúcháin i bhfeidhm don chéad uair.

1842

Tharraing an ‘Design Act 1842 (An t-Acht um Dearthaí) na hAchtanna a bhí ann roimhe le chéile agus neartaíodh na píonóis ar shárú cóipchirt.  D’eagraigh sé córas rangaithe le haghaidh ábhair dhéantúsaíochta agus substaintí.  Sa bhlian 1843 deineadh leasú ar an Acht chun cosaint a chur ar dhearthaí  cumtha as gnéithe feidhmiúla.  Bhí ar iarrthóirí cuntas scríofa ar an dearadh a chur san iarratas le haghaidh a chosanta.

1875

Faoin Copyright of Designs Act , 1875 ( an t- Acht um Chóipcheart Dearthaí)  aistríodh cumhachtaí agus dualgaisí an Bhoird Trádála ( faoi achtanna éagsúla dearaidh) go dtí Oifig na bPaitinní sa Ríocht  Aontaithe.  Sa bhlian 1883 ritheadh acht leasaithe agus neartaithe a ghlac Dearthaí, Paitinní agus Trádmharcanna ( a bhí anois i lámha Oifig na BPaitinní sa R.A.) san áireamh.

1911

Thug an ‘Copyright Act , 1911 ( Acht um Chóipcheart ) an cioncheap isteach go ndéanfaí sarú ar shaothar ealaíone dá  ndéanfá é a aththáirge ar ábhar,  agus ina measc sin, dearadh dethóimhseach a chur ar earra tríthoimhseach. 

1926

Tyre_design

Ritheadh an t-Acht um Chosaint Maoin tionscail agus Tráchtála sa bhlain 1927  faoinar cuireadh Oifig Éireannach na bPaitinní a  raibh a ceannárus ag 45 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 faoi stiúir Ceannaire na bPaitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna.   Seachas mionacht leasaithe sa bhlain 1929 mhair an t-Acht 1927 i  réim go dtí 2001.  Tá an clár páipéir ó 1927 i dtaobh dearthaí fós i réim sa lá inniú.  Do ba le haghaidh Charles Macintosh agus a chómhlacht, Cambridge, Manchester,  a  cláraíodh an chéad dearadh ann (  uimhir D.1) .

Bhí iliomad iarrataisí ar dearthaí ón Dunlop Rubber Co. Ltd, Fort Dunlop, Erdingham, Birimingham ag a raibh 45 as an chéad 100 cláruithe.

Sampla de dhearthaí cláraithe as na blianta tosaigh.

2003

Thánaigh an Dearadh Comhphobail i  réim ar an 1ú Aibreán 2003.  Tugann an Dearadh Comhphobail cosaint i ngach bhallstat den AE.  Caithfidh go mbíonn na dearthaí nua  agus cuma ar leith orthu le haghaidh cláraithe. Ní théann an tréimhse chosanta ar dearthaí thar 25 bliana.

Seachas an Dearadh Comhphobail Cláraithe (DCC) tugadh isteach an Dearadh Comhphobail Neamhchláraithe ( DCN) comh maith.   Maireann an chosaint seo 3  bliana ó  chéadnochtadh an dearaidh don phobail san  Aontas Eorpach. 

Bhí 77,661 dearadh cohmphobail cláraithe ag deireadh na bliana 2004, sin léiriú maith ar mhéid na  tóra a bhí ar a leithéid.

Samplaí des na luath-dhearthaí

TitleTitleTitle
Tyre_design
  Bonn
Safety Razor Design
  Lann rasuír shábháilte
Picture Stand Design
 Frámaí nó seastáin le haghaidh boinn, cloganna, pictiúirí agus a leithéid