About Us

Cóipcheart - Stair ghairid

Print page icon Priontáil

Réamhfhocal

Is cineál cosaint dlíthiúil é an Cóipcheart a bhfuil éifeacht aige ar cineálacha áirithe saothair go mór san ealaín bainteach le litríocht, dramaíocht, ceol agus an ealaín fhéin agus aon tsaothar eile a mbéadh baint acu leis,  mar shampla cláracha ríomhaireachta, a bhíonn scríofa i mbéarlagair faoi leith agus uaidh sin atá cosanta mar ‘shaothair litríochta’.

Tá an cóipcheart, a bhfuil taca reachtaíochta aige,  aitheanta mar cheart maoine ag cúirteanna na hÉireann.  Tagann an ceart um reachtaíocht as dhá fhoinse

Ar dtús tá ceart daonna ann go mbainfeadh lucht a gcumtha sochar féaráilte as a ninfheistíocht i gcruthú agus i scaipeadh a saothair.

Ansin, mura dtabharfaí sochar do cruthóirí agus do infheisteoirí is chun aibhleas an phobail a rachfadh sé mar, ina lán cásanna, ní fheicfeadh na saothair úd solas an lae ar chor ar bith.

Bunús an Chóipchirt

Ba iad scoláirí na seanGhréige agus Impireacht na Róimhe an chéad dream a thug aird ar a naithne mar údar ar a gcuid saothar, ach ní raibh aon chearta eacnamaíochta i gceist.  Níor thánaigh aon chosaint cóipchirt go dtí  gur tionscnaigh Johannes Gutenburg an clóbhuaileadh i Mainz na Gearmáine thart ar 1450.  Go  dtí sin ba mhall cúramach an obair í lámhscríbhinn a chóipeáil agus go hiondúil ba mhanaigh sna hoird foriata a dheinfeadh í.  Is cóipeáil ar leabhair chráifeacha le haghaidh na nord eaglasta agus cúirteanna ríoga na hEorpa amháin a bhí ann.  Ní raibh cumas léimh ag formhór na ndaoine agus ní raibh teach ar leabhair ach ag an aicme uachtarach.  Tá sampla maith i luath-lámhscríbhinní gaelacha ar aighneas faoi chóipcheart sa tseanré:-

San aimsir sin ( 561) chuaigh Colm Cille ( 521-597) go dtí teach Finnan ( d’éag 579) agus d’iarr sé iasacht a chóip  ar  na ceithre shoiscéal air chun ceartuchán a dhéanamh ar leabhar éigin mar dhea.   Thug Finnan an leabhar dó agus d’athscríobh Colm Cille an leabhar ar fad i ngan fhios  do Finnan.  Fuair Finnan amach faoin tseift agus ba  olc  leis an gníomh agus bhagair  sé an dlí ar Cholm Cille mar gheall ar an ghoid dar leis.  Dúirt Colm Cille go gcuirfeadh sé a chás faoi bhreith Rí na hÉireann, sé sin  Diarmad Mac Cearbhaill .  ‘Glacfaidh mé leis sin’ arsa Finnan.  Chuadar beirt go dtí Teabhar mar a raibh Diarmaid agus d’inis siad a scéalta dó agus dúirt  Finnan gur goid a bhí ann agus gurba leis mac an leabhair.  Dúirt Colm Cille nár mhiste an  leabhar as an chóip a bhí déanta aige.  Adúirt Diarmaid ina  bhreith gur ‘le gach bó a lao, agus le gach leabhar a chóip’.

Tá roinnt scoláirí ann nach nglacann gur amhlaidh a bhí breith an rí ar an chás, agus tá scoláirí eile atá  in amhras faoina raibh sé faoi cóipeáil gan cead ar chor ar bith, ach tá cinn eile fós a ghlacann gurab  fhíor an scéal agus gur dócha go raibh sé in  bhunchúis le cath Cúl Dremne  (Co. Sligigh) inar bhuaidh muintir Cholm Cille
(Cineál Conaill) ar arm  Rí Dhiarmada.

Forbairt Dlí an Chóipchirt

Le teacht an chlóbhuailte sa séú aois déag bhí sé éasca agus saor leabhair a chur ar fáil ach leis sin bhí níos mó deis sáraithe ann.  Agus borradh mór ag teacht ar mhéid na gclódóirí i  Sasana d’úsáid an Rí a cheart ríoga chun smacht a chur ar ghnó  na leabhar agus clóbhuailteoirí a chosaint ar sharú.  Do ba é sin an chéad fhorógra ar smacht a chur ar ábhar clóbhuailte.  Chuir an ‘Licencing Act’, 1662 ( Acht um Cheadunas) clár de leabhair cheadaithe ar bun agus chur sé iachall ar chlóbhuailteoirí cóip den leabhar a raibh ceanúnas uathu air a chur go dti an Chlárlann.  Bhí an Chlárlann faoi stiúir an ‘Stationer’s Company’ (Comhlucht lucht déanta na leabhar) ar tugadh cumhacht dóibh leabhair a ghabháil a raibh amhras orthu go raibh ábhar ionntu in aghaidh na hEaglaise nó an Rialtais.  Fán bhlian 1681 bhí cuid  de cumhachtaí an Stationar’s Company bainte uathu ach lean siad ag stiúireadh gnó an chlóbhuailte.

Ba é Reacht Anne, a cuireadh i gcrích sa bhlian 1710, an chéad Acht Cóipchirt ar fud na cruinne,   agus thug sé isteach an cionceap gur ba leis an údar an cóipcheart, chomh maith le téarma cinnte cosanta ar shaothar foilsithe.  Ritheadh an t-Acht Idirnáisiúnta um Chóipcheart in 1886 buíochas i bpáirt don réiteach a bhí ar siúl le haghaidh Coinbhinsin Bern.  Cuireadh  riachtanas ann saothair eachtracha a chlárú, agus tugadh isteach cead eisiach ar importáil nó ar aistriuchán a dhéanamh orthu.   Thánaigh neartú mór ar dhlíthe cóipchirt nuair a tugadh isteach Dlí an Chóipchirt, 1911 ( a chuaigh i bhfeidhm ar an 1ú lá de Mhí na Súl Buí ,1912) agus a aisghairigh cuid agus a tháthaigh cuid eile den reachtaíocht a bhí i bhfeidhm roimhe.  Tugadh isteach cosaint ar chuntais, rollaí pollta, taifeadtaí fuaime  agus saothair ailtireachta  agus cuireadh deireadh leis an riachtanas cóipcheart a chláru i Stationers’ Hall (Halla Lucht Déanta na Leabhar).  Chuir an t-Acht 1911 deireadh le cosaint chóipchirt faoin dlí coiteann ar shaothar gan foilsiú,  ach amháin i gcás pictiúirí, líníochtaí agus griangraifeanna.

Dlí Cóipchirt in Éirinn

I  ndiaidh bunú  Saorstát na hÉireann i 1921 mhair cuid mhaith de  na nósanna cultúrtha agus geilleagrach bainteach le cosaint cóipchirt Sasanach  i réim sa tír.  Bhí sé de gnás ag lucht acadúla agus lucht liteartha ( W.B. Yates ina measc siúd) a saothar a chur go dtí  lucht cló acadúla agus tráchtala sa Bhreatain  chun é a sheoladh os comhair an domhain  mhóir.  Bhí an ‘Performing Rights Society’ ( Cumann Cearta Oirfideachta) fós ag feidhmiú i Londain le haghaidh cumadóirí agus lucht foilsiú ceoil sa Saorstát.  Cuireadh iarrachtaí ar fhoilsiú saothar scoláirí sa  Ghaeilge agus i luath stair na hÉireann ó  rath mar gheall ar an margadh cúng, an easba suime ag na foilsitheoirí ann agus an díth ar achmhainní teicniúla 

Le bunú an tSaorstáit i 1921, chaill an tír an creatlach riaracháin agus na heagrais a chur le feidhmiú maoin trádála agus tionscail den gheilleagar.  Ar dtús, mar shampla, ní  raibh Oifig na bPaitinní  Éireannach ann agus ní  deineadh aon chlárú ar chóipcheart dearaidh mar ní raibh aon eagras riaracháin ann  le haghaidh iarratais a ghlacadh.  Ar ndóigh bhí an ceart ar chóipcheart fós  ar fáil faoin Dlí Coiteann ach ní go dti an t-Acht um (Chosaint) Maoin Tionscáil agus Trádála , 1927 a raibh an dlí cóipchirt ar bhonn reachta.  I dteannta le bunú Oifig Éireannach na bPaitinní bhí  éifeacht mhór ag an Acht ar phaitinní, trádmharcanna agus dearthaí tionscail.  Do dhírigh Cuid IV den Acht le cóipcheart agus bhí  cuntair ar sheilbh, sárú, cúiteamh, ceadúnais éigeantacha, saothair beirte agus saothair údar eachtracha, saothair fágtha iarbháis, agus caomhnú ar chosaint cóipchearta a bhí i  réim ag an am.    

Tharla an chéad fhorbairt mhór eile i ndlí cóipchirt Éireannach sa bhlina 1964 nuair a tugadh isteach Acht an Chóipchirt, 1963.  Rinne an t-Acht sainmhíniú ar chearta údar ar shaothar liteartha, dramaíochta, ceoil agus ealaíona agus chruthaigh sé cóipchearta i taifeadtaí fuaime, scannáin agus leaganacha foilsithe de shaothair.  Chomh maith le sin bhronn an tAcht feidhmeanna teoranta ar an Cheannasaí chun aighnis curtha faoina bhráid a réiteach.

Roinnt blianta ó shin chuir an t-Acht um Chóipcheart agus Cearta Bainteach leis, 2000 (chuaigh sé i bhfeidhm 1 Eanair 2001) go mór le feidhmeanna dlíthiúla an Cheannasaí i réimse an chóipchirt.  Sa mhullach ar na feidhmeanna scaoileadh aighnis a bhí aige faoin Acht 1963, tá lámh ag an Ceannasaí anois i stiúrú na scéimeanna ceadúnais, agus scéimeanna ar na bacáin mar a bhaineann siad le cóipcheart agus cearta eile.  I measc na bhfeidhmeanna sin tá bunú agus coimeád cláracha ar na scéimeanna sin.