Níl a leithéid de rud ann agus “Paitinn Dhomhanda”. Chun cosaint phaitinne a fháil i dtíortha eile tá sé riachtanach iarratas a dhéanamh ar phaitinn náisiúnta i ngach tír faoi leith ina bhfuil paitinn ag teastáil ann mura mbaintear úsáid as an rogha bealaí arna dtairiscint ag an CPE nó CCP.
Soláthraíonn suíomh gréasáin na hOifige naisc le go leor suímh gréasáin d’Oifigí Paitinne agus d’Oifigí Maoin Tionscail inar féidir leat faisnéis bhreise a fháil maidir leis na nósanna imeachta ar iarratais sna tíortha seo.