Cén fáth aireagáin a phaitinniú?

Print page icon Priontáil

Os rud é go ndeonaíonn paitinn cearta dlíthiúla a bhaineann le saothrú aireagáin, tairgeann sí an deis is fearr don úinéir chun brabús a dhéanamh as an aireagán trí chosc a chur ar dhaoine eile é a chóipeáil. Ní gá go mbeadh paitinn ag aireagóir chun aireagán a shaothrú; ach mura bhfuil paitinn ag an aireagóir ní féidir leis nó léi cosc a chur ar dhaoine eile an t-aireagán céanna a chóipeáil.

Is minic nach mbíonn aireagóirí in acmhainn a n-aireagán féin a tháirgeadh nó a chur ar an margadh. Soláthraíonn paitinní, os rud é gur foirm iad de mhaoin tráchtála, bonn d’úinéirí as ar féidir leo dul chun margadh le hinfheisteoirí féideartha nó le comhpháirtithe gnó eile agus ag am céanna ag caomhnú a gcearta i leith maoin intleachtúil.

Cuidíonn an t-ionchas maidir le brabús a ghnóthú ón bhfoirm speisialta cosanta seo le gníomhaíocht taighde a chur chun cinn agus le dreasacht a thabhairt d’infheistíocht nua. D’fhéadfadh go mbeadh ioncam a thagann ó aireagán paitinnithe a forbraíodh in Éirinn incháilithe do chóiriú speisialta fabhrach cánach.