Cineálacha Paitinní

Print page icon Priontáil

Tá dhá chineál paitinne Éireannaí ar fáil:

 (1) Paitinní do théarma iomlán.

Tugann na paitinní seo cosaint don aireagóir/iarrthóir do uastréimhse 20 bliain. Chun gur féidir paitinn do théarma iomlán a dheonú, ní foláir don iarrthóir fianaise úrnuachta a sholáthar ar an aireagán. Féadfar seo a dhéanamh trí “Tuarascáil Chuardaigh” a iarraidh ón Oifig, nó trí fhianaise úrnuachta a chur faoina bráid. (déantar cur síos níos mion ar seo níos déanaí sa leabhrán).

(2) Paitinní gearrthéarmacha.

Ceapadh na paitinní gearrthéarmacha chun freastal a dhéanamh ar aireagóirí níos lú. D’fhéadfadh na paitinní seo a bheith oiriúnach freisin d’aireagáin sa chás go bhfuil súil le saolré margaidh níos giorra, nó d’aireagáin nach bhfuil casta go teicneolaíoch. Maireann na paitinní seo d’uastréimhse deich mbliana, agus níl dualgas ar an iarrthóir fianaise úrnuachta a sholáthar ar an aireagán. Laghdaíonn sé seo, le héifeacht, na costais agus an t-achar ama a bhaineann le haireagán a phaitinniú.

I ngeall go bhfuil na nósanna imeachta níos simplí i gcoitinne, is féidir paitinní gearrthéarmacha a dheonú laistigh d’achar ama níos giorra agus cinnte laistigh den 12 mhí ón dáta comhdaithe má chomhlíontar na riachtanais go pras. Sa chás go ndéantar iarratas ar phaitinn ghearrthéarmach agus ar phaitinn do théarma iomlán maidir leis an aireagán céanna, éireoidh an phaitinn ghearrthéarmach neamhnithe sa chás go ndeonaítear paitinn do théarma iomlán.

Ach amháin i gcás roinnt eisceachtaí, téann na forálacha a bhaineann le hiarratais agus le paitinní do théarma iomlán i bhfeidhm freisin ar iarratais agus ar phaitinní gearrthéarmacha.

Is iad na príomheisceachtaí ná:

(i) Ní féidir sa bhreis ar chúig éileamh a chuimsiú sa tsonraíocht d’iarratas ar phaitinn ghearrthéarmach. Tá na riachtanais maidir le hinfheidhmíocht úrnuachta agus tionsclaíoch i bhfeidhm ach in ionad na neamhshoiléireachta, is leor nach mbeadh an t-aireagán “easpach go soiléir i gcéim nuálaíoch”. Níl gá le Tuarascáil Chuardaigh ná le fianaise úrnuachta i bhfoirm sonraíochta do phaitinn eachtrannach, chun gur féidir paitinn ghearrthéarmach a dheonú.

(ii) Níl na táillí i leith comhdú, deonú nó athnuachan ach ionann le 50% de na táillí do phaitinn do théarma iomlán; agus bíonn na nósanna imeachta níos simplí de ghnáth. Beidh sé seo suimiúil ach go háirithe d’fhiontair bheaga agus d’aireagóirí aonaracha.

(iii) Féadfar imeachtaí sáraithe a thionscnamh sa Chúirt Chuarda (nó san Ard-Chúirt, mar atá riachtanach do phaitinní do théarma iomlán) gan bacadh le suim an éilimh.

(iv) Sula tionscnaítear gníomh sáraithe ní mór d’úinéir na paitinne gearrthéarma (a) iarraidh ar an Rialaitheoir ‘Tuarascáil Chuardaigh’ a ullmhú agus cóip den tuarascáil a chur chuig an sáraitheoir líomhanta nó (b) sa chás go bhfuil Tuarascáil Chuardaigh nó sonraíocht phaitinne eachtrannach ar fáil, cóipeanna de na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Rialaitheora maraon le faoi bhráid an sáraitheora líomhanta. Déanann an Rialaitheoir na tuarascálacha dá ndéantar tagairt in (a) nó (b) a fhoilsiú.

(v) féadfaidh duine eile seachas úinéir na paitinne gearrthéarma agus a bhfuil cuardach úrnuachta ag teastáil dá leasa dlisteanacha gnó agus ar féidir leis nó léi cúinsí a léiriú do bheith san amhras faoinar bhfuil an t-aireagán easpach go húrnuachta nó go bhfuil easpa soiléir ann i gcéim nuálaíoch iarraidh ar an Rialaitheoir Tuarascáil Chuardaigh a ullmhú. Déanann an Rialaitheoir tuarascáil dá leithéid a fhoilsiú.