An Conradh Comhoibriúcháin i dtaobh Paitinní (CCP)

Print page icon Priontáil

Bunaíodh an Conradh Comhoibriúcháin i dtaobh Paitinní (CCP) sa bhliain 1970. Déantar é a riaradh ag Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (WIPO)Links to external website sa Ghinéiv. Dhaingnigh Éire an Conradh sa bhliain 1992.

Is é príomhchuspóir an Chonartha ná cuíchóiriú na nósanna imeachta maidir le comhadú agus le cuardach úrnuachta an iarratais ar phaitinn d’iarrthóirí ar mhian leo cosaint phaitinne a fháil i líon mór tíortha ar fud an domhain.

Soláthraíonn an CCP córas trínar féidir iarratas idirnáisiúnta amháin a dhéanamh ina luaitear roinnt de na tíortha conraitheoireachta nó iad uile. De ghnáth is é an t-údarás náisiúnta paitinne deontóir na paitinne de bhun iarratais a comhdaíodh faoin gconradh seo.

Meastar go bhfuil iarratas CCP ar chosaint paitinne in Éirinn ionann le hiarratas ar phaitinn Eorpach d’Éirinn agus déanfar é a phróiseáil san OPE de réir an CPE (Coinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach).

Is féidir iarratas ar phaitinn Éireannach faoi Acht na bPaitinní, 1992, a úsáid mar bhonn chun ‘tosaíocht’ a éileamh ar iarratais a comhdaíodh faoin CCP, ar choinníoll go ndearnadh na comhdaithe seo laistigh de 12 mhí ón dáta a comhdaíodh an t-iarratas Éireannach is luaithe ar an aireagán céanna.

Gníomhaíonn Oifig na bPaitinní mar oifig ghlacadóra ar iarratais CCP ó náisiúnaigh nó cónaitheoirí. Déanann an Oifig seiceáil riaracháin foirmeáltachta sula seachadtar an t-iarratas chuig an mBiúró Idirnáisiúnta. Glacann an Oifig le táillí áirithe a bhaineann le hiarratas Idirnáisiúnta CCP atá le seachadadh chuig an WIPO.

Is féidir iarratas CCP a chomhdú freisin go leictreonach ag úsáid bogearra comhdaithe leictreonach de chuid an WIPO, PCT-SAFE.

Tá breis faisnéise maidir le feidhmiú an CCP ar fáil ó:

An Eagraíocht Domhanda um Maoin Intleachtúil (WIPO),
34 Chemin des Colombettes,
1211, An Ghinéiv 20
An Eilvéis.
Teil: 0041 223389352
 

Tá na bróisiúir seo a leanas le fáil ón WIPO.

“Basic Facts about the PCT”

“PCT Applicant’s Guide”