ESP@CENET

Print page icon Priontáil

Chun rochtain saor in aisce ar fhaisnéis a bhaineann le paitinní a chur chun cinn, tháinig Oifig na bPaitinní Eorpacha (OPE), ballstáit Eagraíocht na bPaitinní Eorpacha agus an Coimisiún Eorpach le chéile chun an tseirbhís espacenetLinks to external website a sheoladh sa bhliain 1998.

Ceapadh esp@cenet go príomha don phobal i gcoitinne agus is í a príomhaidhm ná chun foinse éasca faisnéise saor in aisce ó na hoifigí paitinne mórthimpeall an domhain, agus i gcásanna faoi leith a dhátaíonn siar go dtí 1920 a sholáthar do úsáideoirí, nach bhfuil ina saineolaithe. Soláthraíonn esp@cenet rochtain ar, go sonrach:

  • Iarratais ar phaitinní a foilsíodh i mballstáit an OPE (Éire san áireamh).  Iarratais ar phaitinní a d’fhoilsigh an OPE.
  • Iarratais CCP (Conradh Comhoibriúcháin i dtaobh Paitinní) a d’fhoilsigh an Eagraíocht Domhanda um Maoin Intleachtúil (WIPO).
  • Faisnéis “domhanda” ar phaitinní (Coimriúcháin do phaitinní i mBéarla).
  • Cáipéisí Seapánacha i dtaobh paitinní.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach féidir le cuardach a dhéantar i mbunachar sonraí esp@cenet áit an chuardaigh ghairmiúla a thógáil. Tá an fhaisnéis a sholáthraítear ina chomhartha ar phaitinní a foilsíodh ach níl sí cuimsitheach agus ní féidir an tseirbhís a mheas mar fhoinse iomlán ná an t-aon fhoinse d’fhaisnéis i dtaobh paitinní.