Riachtanais íosta le haghaidh dáta comhdaithe

Print page icon Priontáil

Is féidir dáta comhdaithe a chinntiú gan iarratas ar phaitinn atá comhlánaithe go hiomlán, chomh fada agus a chuirtear isteach na nithe seo a leanas:

  • Comhartha go bhfuil paitinn á lorg.
  • Faisnéis aitheantais an iarrthóra.
  • Tuairisc ar an aireagán, agus
  • An táille fhorordaithe.

Ní mór iarratas a dhéantar sa tslí seo a leanacht le hiarratas foirmiúil comhlánaithe mar a thugtar le fios in alt 9 thuas agus níl cead aon ábhar breise a chur leis an iarratas thar na hábhair sin a cuimsíodh sa chéad chomhdú.

Mura gcomhlíonann iarratas ar phaitinn riachtanas de chuid an Achta nó na Rialacha tugtar an deis don iarrthóir an riachtanas sin a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha ama faoi leith m.sh. forordaítear tréimhse 12 mhí ón dáta a comhdaíodh an t-iarratas (nó más rud é gur éilíodh tosaíocht, ón dáta tosaíochta) do chomhdú na n-éileamh agus an choimriúcháin.

Is é an toradh mura ndéantar de réir na dteorainneacha ama ná go bhféadfaí an t-iarratas a dhiúltú nó a mheas a bheith tarraingthe siar. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil na teorainneacha áirithe ama daingean.