Tuarascáil Chuardaigh / Fianaise Úrnuachta

Print page icon Priontáil

Chun gur féidir paitinn ar théarma iomlán a dheonú, ní foláir úrnuacht agus céim neamhshoiléireacht an aireagáin a chinntiú. Tá dhá bhealach ann chun é seo a bhaint amach; trí Thuarascáil Chuardaigh, nó trí sholáthar Fianaise Úrnuachta.

Tuarascáil Chuardaigh

Ní foláir don iarrthóir iarratas a dhéanamh ar Thuarascáil Chuardaigh chun úrnuacht agus neamhshoiléireacht na céime aireagáin san iarratais phaitinne a chinntiú. Ní mór don iarrthóir é seo a iarraidh laistigh de 21 mí ó dháta comhdaithe an iarratais nó ón dáta tosaíochta, sa chás gur éilíodh tosaíocht bunaithe ar an aireagán céanna i dtír eile. Mura ndéantar amhlaidh, déanfar an t-iarratas a dhiúltú. Déanfaidh an Rialaitheoir, i ndiaidh fáil na dtáillí, Tuarascáil Chuardaigh a ullmhú i leith an aireagáin. Liostóidh an Tuarascáil Chuardaigh cáipéisí foilsithe a mheastar a bheith ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh gur céin chumtha atá san aireagán nua agus nach forbairt nó oiriúnú soiléir é ar atá ar eolas cheana. Déanfar cóip den tuarascáil chuardaigh a eisiúint don iarrthóir. Ach amháin sa chás ina dtarraingítear siar an t-iarratas ar phaitinn laistigh de dhá mhí ó eisiúint na Tuarascála don iarrthóir, déanfaidh an Rialaitheoir an tuarascáil chéanna a fhoilsiú; ciallaíonn sé seo gur féidir le haon duine amharc ar an tuarascáil chuardaigh. D’fhéadfaí an t-iarratas a tharraingt siar sa chás go measann an t-iarrthóir, i bhfianaise na Tuarascála Cuardaigh, nárbh fhiú dul ar aghaidh níos faide leis an iarratas ar phaitinn. Mura dtarraingítear siar an t-iarratas beidh ar an ngníomhaire paitinne atá ag gníomhú thar ceann an iarrthóra leasuithe a dhéanamh ar an iarratas bunaithe ar an tuarascáil chuardaigh nó ráiteas a sholáthar ag rá nach meastar go bhfuil gá le leasú. Mura gcomhlíontar na riachtanais seo d’fhéadfaí an t-iarratas a dhiúltú. 

Fianaise Úrnuachta

Tá rogha eile ann áfach, sé sin ráiteas fianaise urnuachta a chur chuig an Oifig ag curthú gur cuireadh iarratas ar an aireagan céanna m.sh. sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin nó in Oifig na bPaitinní Eorpacha, nó a chuir iarratas isteach faoin gConradh Comhoibriúcháin; ní foláir an ráiteas a chur isteach laistigh de 21 mí ó dháta comhdaithe an iarratais nó ón dáta tosaíochta a éilíodh. Sa chás seo, féadfar cóip den Tuarascáil Chuardaigh a ullmhaíodh maidir leis an iarratas eachtrannach, nó cóip de shonraíocht fhoilsithe na paitinne a dheonaigh Oifig na bPaitinní sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin nó Oifig na bPaitinní Eorpacha a chur faoi bhráid an Rialaitheora mar fhianaise úrnuachta agus caithfidh an t-iarrthóir í a thaispeáint laistigh de dhá mhí ó fhoilsiú na tuarascála cuardaigh nó ó dheonú na paitinne, in éineacht leis an táille chuí.

Déanfar an fhianaise úrnuachta a fhoilsiú ach amháin sa chás ina dtarraingítear siar an t-iarratas.

Mura dtarraingítear siar an t-iarratas ar phaitinn beidh ar an ngníomhaire paitinne atá ag gníomhú thar ceann an iarrthóra leasuithe a dhéanamh ar an iarratas i bhfianaise na Tuarascála Cuardaigh nó na sonraíochta paitinne (cibé atá cuí sa chás áirithe) nó ráiteas a sholáthar ag rá nach meastar go bhfuil gá le leasú. Mura gcomhlíontar an riachtanas seo d’fhéadfaí an t-iarratas a dhiúltú.

(Ní théann na nósanna imeachta a bhaineann le tuarascáil chuardaigh/fianaise úrnuachta i bhfeidhm ar iarratais ar phaitinní gearrthéarmacha)