Foilsítear iarratas ar phaitinn, sé sin go mbíonn cáipéisí áirithe a bhaineann leis an iarratas oscailte roimh imscrúdú poiblí, chomh luath is atá indéanta tar éis tréimhse 18 mí ón dáta comhdaithe (nó ón dáta tosaíochta más ann dó), ach amháin sa chás gur diúltaíodh nó gur tarraingíodh siar é ar deireadh roimh críochnú na n-ullmhaithe teicniúla le haghaidh foilsiú. D’fhéadfaí é a fhoilsiú áfach níos luaithe ar iarraidh ón iarrthóra.
Fógraítear an t-iarratais in Iris Oifig na bPaitinní. Tá cóipeanna de na hiarratais atá foilsithe ar fáil ag aon duine ar mhian leis nó léi iad a scrúdú nó a cheannacht.
Iris Oifig na bPaitinní
Foilsíonn an Oifig Iris Oifig na bPaitinní ar bhonn coicíse; foilsítear í ar an gCéadaoin de ghnáth. Tá an Iris roinnte ina dhá chuid.
Baineann Cuid 1 le paitinní agus dearaidh agus cuimsíonn sí faisnéis faoi chinnteideal ar leith, lena n-áirítear,
- Iarratais ar phaitinn a comhdaíodh.
- Iarratais a foilsíodh.
- Iarratais a deonaíodh.
- Paitinní Eorpacha a deonaíodh ina luaidheadh an Stát.
- Iarratais atá as feidhm.
- Iarratais a tarraingíodh siar, nó a mheastar a bheith tarraingthe siar nó a diúltaíodh.
- Paitinní atá as feidhm.
- Imeachtaí faoi Acht na bPaitinní, 1992.
- Ábhair a bhaineann le Deimhnithe Cosanta Forlíontacha.
Cuimsítear i gCuid II den Iris faisnéis a bhaineann le trádmharcanna.
Soláthraíonn an Oifig leagan idirghníomhach, den Iris ar-líne, lena n-áirítear áiseanna cuardaigh. Is feidir na hIrisí a fheiceáil ar líne ar an suíomh gréasáin nó iarraidh breathnú orthu inár noifigí i gCill Chainnigh agus i mBaile Átha Cliath nó is feidir leagan crua a cheannacht go díreach ón Oifig nó ó Oifig Dhíolta Foilseachán an Rialtais.