Éileamh ar thosaíocht

Print page icon Priontáil

Tosaíocht

Sa chás gur comhdaíodh iarratas maidir leis an aireagán céanna suas chomh fada siar le tréimhse 12 mhí níos luaithe in Éirinn, in Oifig na bPaitinní Eorpacha nó i dtír atá faoi chomaoin ag Coinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint, aistrítear dáta comhdaithe an iarratais is luaithe go “dáta tosaíochta” an iarratais nua.

Tugann an tréimhse seo de 12 mhí deis don iarrthóir ar phaitinn, tar éis dó nó di dáta comhdaithe a chinntiú dá n-aireagán i ndlínse amháin, a margadh tráchtála a mheas, leanacht le forbairt an aireagáin agus cinneadh a thógáil maidir leis na tíortha inar chóir cosaint a lorg gan cearta tosaíochta a chailliúint. Sa chás go raibh níos mó ná comhadú amháin níos luaithe déanta (m.sh. sa chás go ndearnadh iarratas sa Ríocht Aontaithe agus sa Ghearmáin maidir leis an aireagán céanna) d’fhéadfadh níos mó ná dáta tosaíochta amháin a eascair as seo maidir le hiarratas Éireannach a rinneadh i ndiaidh sin; é sin ráite, níl cead tosaíocht a éileamh níos fuide siar ná 12 mí.

Is é an phríomhéifeacht atá leis an gceart tosaíochta ná go n-amharctar ar dháta comhdaithe an chéad iarratais mar an dáta ar a ndéantar céim na healaíona a mheas maidir leis an iarratas; agus sa chás go ndéanann beirt duine nó níos mó aireagán go neamhspleách, bíonn an ceart ar phaitinn i seilbh an duine gur leis nó léi an dáta comhdaithe nó an dáta tosaíochta éilithe is luaithe.

Éileamh ar thosaíocht

Caithfear an dáta comhdaithe, an tír agus uimhir chomhdaithe an tseaniarratais a lua in aon éileamh ar thosaíocht (Foirm Uimh. 1). Ní foláir cóip dheimhnithe den iarratas a rinneadh roimhe sin a sholáthar laistigh de 16 mhí ón dáta tosaíochta is luaithe, sa chás gur iarratas eachtrannach a bhí ann. Ba chóir an chóip dheimhnithe seo a fháil ón Oifig thar lear inar ndearnadh an t-iarratas roimhe.

Sa chás go mbunaítear an t-éileamh ar thosaíocht ar iarratas Éireannach a rinneadh roimhe sin, féadfaidh an t-iarrthóir, in ionad cóip dheimhnithe a chur isteach, iarratas a dhéanamh ar chóip dá leithéid a áireamh lena n-iarratas. Sa chás seo déanfaidh Oifig na bPaitinní a shocrú go gceanglófar cóip den iarratas a rinneadh roimhe sin leis an iarratas nua, ar íocadh na táille forordaithe.