Chun go mbeidh aireagán incháilithe do dheonú paitinne bailí ní foláir dó a bheith nua, baint a bheith aige le céim nuálaíoch agus a bheith infheidhmithe ar bhonn tionsclaíoch.
Úrnuacht:
Meastar go bhfuil aireagán nua sa chás nach bhfuil sé ina pháirt den dearadh is déanaí. Cuimsítear sa dearadh is déanaí gach rud a chuirtear ar fáil go poiblí in aon slí, aon áit ar domhan, roimh an dáta a comhdaíodh an t-iarratas ar phaitinn.
Céim nuálaíoch:
Meastar go bhfuil baint ag aireagán le céim nuálaíoch sa chás nach bhfuil sé soiléir do dhuine atá oilte sa réimse sin den teicneolaíocht, ag cur an dearadh is déanaí san áireamh.
Infheidhmíocht tionsclaíoch:
Ní mór gur féidir an t-aireagán a dhéanamh nó a úsáid i dtionscal éigin, talmhaíocht san áireamh.