Tá iarratas ar phaitinn déanta suas as foirm chomhlánaithe dar teideal “Iarratas ar Dheonú Paitinne” (Foirm Uimh. 1) de Sceideal II de na Rialacha um Phaitinní 1992 maraon le sonraíocht.
An tSonraíocht
Ba chóir don tsonraíocht a bheith déanta de réir riachtanais Acht na bPaitinní 1992 agus na Rialacha um Phaitinní 1992, clóscríofa nó priontáilte ar leathanaigh A4 aonaghaidh le himeall de 2 go 3 cm. Ba chóir do na himill seo a bheith folamh, agus gach leathanach a bheith uimhrithe. Ní foláir dhá chóip den tsonraíocht a chur isteach. Soláthraíonn an tsonraíocht an fhaisnéis theicniúil faoin aireagán, maraon lena shainmhíniú dlíthiúil. Tá an tsonraíocht roinnte ina cheithre chuid, a thugtar san ord inar chóir dóibh a bheith san iarratas:
(1) an teideal,
(2) tuairisc ar an aireagán,
(3) éilimh, agus
(4) líníochtaí, más ábhartha don iarratas.
An Teideal
Seo an chéad chuid den tsonraíocht. Ba chóir dó a bheith gairid, ach ní mór dó an t-ábhar lena mbaineann an t-aireagán a thabhairt le fios go soiléir. Ba chóir don teideal céanna a bheith le feiscint ar an tsonraíocht agus ar an bhfoirm iarratais don deonú paitinne.