Táillí reachtúla ar phaitinní

Print page icon Priontáil

Bíonn táillí difriúla ann maidir le costais paitinní. Bíonn ábharthacht ag baint le fachtóirí mar an cineál paitinne atá á iarraidh (m.sh. paitinn ghearrthéarmach nó paitinn ar théarma iomlán) agus cibé acu an bhfuil cosaint á lorg in Éirinn nó thar lear.

Ó 1 Eanair 2002, is é €125.00 an táille reachtúla a bheith iníoctha maidir le iarratais ar phaitinn (tearma 20 bliain). Is é €60.00 an táille a bheith iníoctha maidir le iarratais ar phaitinn ghearrthéarmach (tearma 10 mbliana).

Táillí reachtúla eile atá in áireamh:



Paitinn do théarma iomlán

Paitinn ghearrthéarmach

Ag iarraidh fianaise úrnuachta:

€361.00

dada
Ag iarraidh paitinn a dheonú:
€64.00€30.0



Le cois na dtáillí reachtúla a ghearrann na hoifigí náisiúnta paitinne, ní mór do na hiarrthóirí cuimhneamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí ghníomhaire paitinne a fhostú, ar féidir le héagsúlacht mhór a bheith eatarthu freisin ag brath ar an méid comhairle agus cúnaimh a lorgaítear.

D’fhéadfadh táillí reachtúla eile a bheith iníoctha ag brath ar fhachtóirí mar an gá le hiarratais a leasú nó na riachtanais ama a fhadú. Lena chois sin, ní foláir táillí bliantúla ar athnuachan paitinne a íoc ón tríú bliain chun paitinn a choimeád in éifeacht.