Ábhair nach féidir paitinniú

Print page icon Priontáil

Níl gach aireagán incháilithe le haghaidh deonú paitinne. Eisiann Acht na bPaitinní go sonrach na hábhair seo a leanas ó inphaitinníocht:

(i) Fionnachtana agus saothar ealaíona:

(a) fionnachtain, teoiric eolaíochta nó modh matamaiticiúil;

(b) saothar ealaíona;

(c) scéim, riail nó modh le haghaidh gníomh intinne, imirt cluiche nó déanamh gnó, nó ríomhchlár;

 nó

(d) léiriú faisnéise.

Cé nach bhfuil ábhair nó gníomhaíochtaí thuas inphaitinnithe d’fhéadfadh a n-úsáid nó a bhfeidhmiú a bheith inphaitinnithe. Mar shampla, níl scéim nó modh chun cluiche a imirt inphaitinnithe, ach is féidir cosaint phaitinne a fháil ar ghaireas úrnua le haghaidh cluiche a imirt. Ar an gcaoi chéanna, is féidir paitinní a dheonú ar aireagáin bainteach le húsaid ríomhcláir, chomh fada agus a bhaintear amach éifeacht theicniúil trína gcur i ngníomh.

Bogearraí

Cé nár féidir paitinn a fháil i leith na mbogearraí féin, féadfar paitinní a dheonú ar aireagáin a úsáideann bogearraí chun a gcuspóir a bhaint amach. Tá seo coinníollach, áfach, ar “éifeacht teicniúil” a bheith ag na bogearraí nuair a ritear an ríomhchlár. D’fhéadfaí éifeacht dá leithéid, mar shampla, a fháil i rialú próisis tionsclaíoch nó i bhfeidhmiú inmheánach an ríomhaire féin.

(ii) Modhanna cóireála leighis agus tréidliachta:

Níl modhanna cóireála ar chorp duine nó ainmhí nó modhanna teiripe agus diagnóiseacha a chleachtar ar chorp duine nó ainmhí inphaitinnithe ach, ní théann an cosc seo i bhfeidhm ar tháirgí, ar shubstaintí ná ar chumthaí a úsáidtear in aoneacht le haon cheann de na modhanna seo m.sh. cógais nó uirlisí máinliachta.

(iii) Saghasanna plandaí agus ainmhithe nó próiséisí bitheolaíochta chun a gcumtha.

Féadfar saghasanna plandaí a chaomhnú trí bhealaí eile, mar shampla tríd Oifig an Rialaitheora Um Chearta Póraitheoirí Plandaí*. É sin ráite, más rud é go mbaineann an t-aireagán le plandaí agus ainmhithe agus mura bhfuil féidearthacht teicniúil an aireagáin srianta ar saghas planda nó ainmhí amháin, d’fhéadfadh go mbéadh an t-aireagán inphaitinnithe.

(iv) Aireagáin lena mbéadh a bhfoilsiú nó a saothrú contrártha don ord poiblí nó don mhoráltacht phoiblí.

Ní leor go mbéadh saothrú  na naireagán in aghaidh an dlí féin, caithfidh go mbéadh baol ann go rachfaidh sé in aghaidh an óird nó na moraltachta poiblí.               

*Fonóta

Oifig an Rialaitheora Cearta do Phóraitheoirí Plandaí

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe

Backweston

Léim an Bhradáin

Co. Chill Dara

Teil: 353 1 6280608