Paitinní Eorpacha

Print page icon Priontáil

Bunaíodh an Coinbhinsiún um Phaitinní Eorpacha (CPE) sa bhliain 1973 chun an comhoibriú idir na Stáit Eorpacha a neartú maidir le cosaint aireagán, faoi bhun an dlí a bhunaigh an coinbhinsiún agus Oifig na bPaitinní Eorpacha i München na Gearmáine ar dheonú na bpaitinní Eorpacha de réir reachtaíocht an Choinbhinsiúin.

Ghlac Éire ballraíocht in Eagraíocht na bPaitinní Eorpacha i mí Lúnasa 1992 tar éis di aontú leis an CPE.

Ní institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh í an Eagraíocht. Is eagraíocht idirnáisiúnta faoi leith í a bhfuil a riarachán agus a ceanncheathrú féin lonnaithe i München.

Is é an príomhbhuntáiste agus cuspóir leis an CPE ná go ligean sé duit cearta paitinne a fháil in aon cheann nó níos mó de stáit chonraitheoireachta an CPE trí iarratas amháin a chruthú do phaitinní Eorpacha trí Oifig na bPaitinní Eorpacha. D’fhéadfadh sé seo a bheith ar phraghas i bhfad níos saoire ná trí iarratais éagsúla ‘náisiúnta’ a dhéanamh i ngach ceann de bhallstáit an CPE.

Agus é bunaithe ar iarratas amháin ar phaitinn deonaíonn Oifig na bPaitinní Eorpacha (OPE), i ndáiríre, “beart” de phaitinní náisiúnta maidir leis na Ballstáit conraitheoireachta sin a shainíonn an t-iarrthóir. Tá 31 ballstát conraitheoireachta ann ón Meitheamh 2005 i leith. Fad is atá an t-iarratas ar feitheamh, bíonn na táillí athnuachana iníoctha leis an OPE. Chomh luath agus a dheonófar an phaitinn, ní foláir na táillí athnuachana a íoc díreach leis na hOifigí Paitinní sna tíortha sainithe éagsúla.

Tá an éifeacht chéanna ag an bPaitinn Eorpach deonaithe agus atá ag an bpaitinn náisiúnta i ngach ceann de na tíortha luaite. Tá an éifeacht chéanna ag Paitinn Eorpach ina bhfuil Éire sainithe ann agus a bheadh ag paitinn ar théarma iomlán arna deonú ag an Rialaitheoir in Éirinn.

Is feidir iarratais ar phaitinn Eorpach a chomhdú le hOifig na bPaitinní in Éirinn nó díreach le hOifig na bPaitinní Eorpacha.

Seachadann Oifig na bPaitinní in Éirinn aon iarratas a fhaightear chuig an OPE agus níl aon dualgas uirthi scrúdú a dhéanamh ar an iarratas roimh é a sheachadadh. Ní gá táille seachadta a íoc leis an Oifig. Caithfidh an t-iarrthóir gach táille bhainteach leis a sheachadadh díreach chuig an OPE.

Is féidir dáta tosaíochta a bhí ar iarratas de bhunús na hÉireann a éileamh ar iarratas Eorpach. Foilsítear an t-iarratas Eorpach 18 mí tar éis a dháta comhdaithe (nó tosaíochta). Cuireann an OPE cuardach úrnuachta i gcrích agus foilsítear an tuarascáil chuardaigh go comhuaineach leis an iarratas nó níos déanaí. Tá an rogha ag an iarrthóir ansin cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint nó gan leanúint ar aghaidh lena (h) iarratas agus scrúdú géar a iarraidh. Sa chás go niarratar ar scrúdú déanann Rannán Scrúdaithe de chuid an OPE an tsonraíocht a scrúdú go mion chun a chinntiú faoinar gcomhlíonann an t-iarratas na riachtanais go léir. Ma thagann sé slán ón scrúdú deonaítear an Phaitinn Eorpach agus foilsítear sonraíocht na paitinne.

Is féidir le haon duine, laistigh de thréimhse 9 mí ó dháta deonaithe na Paitinne Eorpaí, fógra a thabhairt don OPE maidir le cur-in-aghaidh deonú na paitinne. Tá cinneadh an OPE maidir lenar chóir an phaitinn a choimeád, a leasú nó a chúlghairm bailí sna tíortha uile atá luaite san iarratas.

Sa chás go ndeonaítear Paitinn Eorpach ina bhfuil Éire luaite ann, déanann an OPE na sonraí a aistriú go dtí Oifig na bPaitinní in Éirinn. Sa chás nach gcomhdaítear sonraíocht na paitinne Eorpaí i mBéarla (ní mór d’iarratais ar phaitinní Eorpacha a bheith i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis), ní foláir aistriúchán Béarla a chomhadú, in éineacht leis an táille chuí, le hOifig na bPaitinní laistigh de 6 mhí ón dáta ar foilsíodh deonú na Paitinne Eorpaí. Ní mheastar go bhfuil feidhm dhlíthiúil ag an bpaitinn in Éirinn mura gcomhdaítear an t-aistriúchán seo, agus leoga glactar leis go bhfuil an phaitinn neamhnithe.

Má bhíonn an dáta comhadaithe nó tosaíochta céanna acu agus an t-iarrthóir céanna ann, tá an chumhacht ag an Rialaitheoir paitinn a deonaíodh faoi Acht na bPaitinní a chúlghairm má mheasann sé gur deonaíodh Paitinn Eorpach ina bhfuil Éire luaite ann maidir leis an aireagán céanna.

Is féidir iarratas ar Phaitinn Eorpach a chomhdú go leictreonach leis an OPE.

Chun faisnéise bhreise a fháil, déan teagmháil le:

Oifig na bPaitinní
Eorpacha Erhardstrasse 27,
D-8000,
München 2
An Ghearmáin
 

Suíomh gréasáin:www.european-patent-office.orgLinks to external website

Tá na bróisiúir seo a leanas le fáil freisin ón OPE nó ó Oifig na bPaitinní: “How to get a European Patent (Guide for applicants)”

“National Law relating to the EPC”