Na Líníochtaí

Print page icon Priontáil

Níl na líníochtaí (PDF 0.03 MB) éigeantach. É sin ráite, is minic go mbíonn fiúntas mór ag baint le dea-líníocht (nó grúpa líníochtaí) chun an cineál aireagáin a shoiléiriú. Dá bhrí sin, is féidir líníochtaí a chur isteach leis an tsonraíocht; má dhéantar amhlaidh caithfear iad a lua i dtéacs na tuairisce. Ní foláir iad a bheith soiléir agus inléite gan aon téacs coimhthíoch. Ba chóir na líníochtaí a chomhadú ag an am céanna leis an gcuid eile den tsonraíocht. Bíonn impleachtaí ag comhadú ar dháta comhdaithe an iarratais. Tabhair faoi deara le do thoil go gcuirtear na foirmlí ceimiceacha sa tuairisc de ghnáth.