Tagann an tuairisc (PDF 0.04 MB) díreach i ndiaidh an teidil. Is míniú mionchruinn é ar an aireagán. Ba chóir gach faisnéis ábhartha a chuimsiú ann. Ní mór dó a bheith soiléir agus iomlán go leor ionas go bhféadfadh daoine eile é a thuiscint; mar a bheadh duine atá measartha oilte san ealaín chéanna ábalta an t-aireagán a mhacasamhlú go hiomlán gan aon riachtanas le sonraí breise. Ba chóir don tuairisc cúlra an aireagáin a leagadh síos agus aon fhadhb áirithe a réitíonn an t-aireagán a mhíniú, maraon le céard go díreach a dhéanann sé.
Tabhair faoi deara ach go háirithe nár féidir faisnéis bhreise a chur leis ná an tuairisc a leathnú tar éis duit an t-iarratas a chomhdú.
Ní féidir dáta comhdaithe a fháil mura fhagheann an Oifig tuairisc ar an aireagán atá san iarratas.