Na hÉilimh

Print page icon Priontáil

Sainmhíníonn na héilimh (PDF 0.05 MB), a leanann an tuairisc, scóip an aireagáin agus an chosaint dlíthiúil a bhéas ag an phaitinn deonaithe.

Ní foláir do na héilimh an t-ábhar dá bhfuil cosaint á lorg a shainmhíniú maidir lena ghnéithe teicniúla. Ní mór dóibh a bheith soiléir agus cruinn agus go dtacaíonn an tuairisc leo.

Tá dhá chineál éileamh ann, neamhspleách agus spleách. Sainmhíníonn éileamh neamhspleách bunús an aireagáin, ina gcuimsítear a ghnéithe riachtanacha uile. Sainmhíníonn éileamh spleách samhlacha breise atá mar thréithe ag gnéithe nó comhpháirteanna inmhianta, ach nach bhfuil riachtanach. Tá na héilimh seo ag braith ar an éileamh neamhspleách atá bainteach le bunús an aireagáin.

Níl cead ag na héilimh tuairimíocht a dhéanamh ar bhuntáistí an aireagáin, ach caithfidh díriú ar chruth agus ar ghnéithe teicniúla. Is féidir buntáistí an aireagáin a léiriú sa tuairisc.

Is féidir éilimh neamhspleácha 'sna catagóirí difriúla a chuimsiú sa tsonraíocht, m.sh., modh déanta na táirge agus gaireas oiriúnaithe a úsáidtear go speisialta sa mhodh sin. Ní foláir baint a bheith ag gach éileamh neamhspleách áfach leis an mbunchoincheap airgtheach céanna chun aontacht an aireagáin a chinntiú.

Sa chás go bhfuil níos mó ná éileamh amháin ann, ba chóir iad a bheith uimhrithe go leantach. Mura gcomhdaítear na héilimh leis an iarratas ní foláir iad a chomhdú laistigh de 12 mhí ón dáta comhdaithe nó, sa chás go ndearnadh éileamh ar thosaíocht, laistigh de 12 mhí ón dáta tosaíochta.