Conas iarratas a chur isteach ar phaitinn
Tá iarratas ar phaitinn comhdhéanta as:
- iarratas ar dheonú paitinne (tá comhlánú an fhoirm iarratais Uimh. 1 leordhóthanach chun an riachtanas seo a chomhlíonadh);
- sonraíocht ina bhfuil miontuairisc ar an aireagán, éileamh amháin nó níos mó a shainmhíníonn an t-ábhar dá bhfuil cosaint á iarraidh dó agus aon líníocht atá riachtanach don nochtadh;
- coimriúchán ina dtugtar achoimre ar an ábhar a chuimsítear sa tsonraíocht.
Ní foláir an táille iarratais chuí a chur isteach leis an iarratas.
Cé ar féidir leo cuir isteach ar phaitinn
Féadfaidh aon duine iarratas a chur isteach ar phaitinn; is leis an aireagóir nó le comharba teidil an aireagóra an phaitinn. Sa chás go ndéanann fostaí aireagán, áfach, le linn dó nó di a bheith i bhfostaíocht d’fhéadfadh an cead ar an bpaitinn a bheith i seilbh an fhostóra. Féadfaidh comhiarrthóirí iarratas a chur isteach freisin.
Sa chás go n-ainmníonn iarrthóir gníomhaire paitinne, ba chóir gach fiosrúchán a stiúradh chuig an ngníomhaire sin agus beidh gach cumarsáid oifigiúil ó Oifig na bPaitinní déanta leis an ngníomhaire ainmnithe.
Iarratas Roinnte ar Phaitinn
Deirtear i gcás iarratais a nochtann níos mó ná aireagán amháin go bhfuileadar easpach in “aontacht an aireagáin”. Sa chás go dtarlaíonn amhlaidh, ní mór don iarrthóir fáil réidh le haon ábhar nach mbaineann leis an gcéad aireagán. Féadfar, áfach, ábhar den tsaghas sin a “roinnt” in iarratais nua ar phaitinní do gach aon cheann de na haireagáin sin. Coimeádtar dáta comhdaithe an iarratais bhunaidh ar na “hiarratais roinnte” seo, ach seachas sin déantar iad a scrúdú mar iarratais ar leith.
Scóip an iarratais phaitinne
Chomh luath agus a chomhdaítear an t-iarratas, níl cead an tsonraíocht a leasú in aon slí a fhadaíonn scóip an ábhair. Cé gur féidir an tsonraíocht a chur in eagar – mar mhaithe le rud éigin a bhí ann ó thús a chur in iúl i slí níos fearr, nó ábhar nach mian leis an iarrthóir a bheith mar chuid den aireagán cosanta a thuilleadh a bhaint as - diúltófar le haon rud breise a chuirfidh leis an gcomhdú bunaidh i slí ábhartha.