Chomh maith leis an tsonraíocht, féadfaidh an t-iarrthóir coimriúchán (PDF 0.01 MB) a
chur isteach freisin. Is achoimre gonta é seo ar an aireagán. Ba chóir
an coimriúchán a chlóscríobh ar bhileog páipéir A4 ar leith agus ní mór
tosú le teideal an aireagáin mar a fhaightear sa tsonraíocht agus san
iarratas ar dheonú paitinne. Ba chóir gnéithe riachtanacha an aireagáin
a chur san áireamh agus gan dul thar 150 focal go hidéalach.
Ní foláir
an coimriúchán, mar atá i gcás na n-éileamh, a chomhdú laistigh de 12
mhí ó dháta comhdaithe an iarratais (nó dáta tosaíochta más rud é gur
éilíodh é) sa chás nár comhdaíodh é in éineacht leis an iarratas. Ní
áirítear na coimriúcháin mar chuid den tsonraíocht féin, agus ní
úsáidtear iad chun an scóip chosanta atá á lorg a léirmhíniú. Nó ba
chóir a rá, go soláthraíonn siad achoimre theicniúil ar an aireagán do
chríocha cartlainne agus aisghabhála, sa tslí sin ag cuidiú le tríú
páirtithe maidir lena chinntiú faoinar bhféadfadh an t-iarratas a
bheith ina leas dóibh ar an iomlán.