windmills

Céard is paitinn ann?

Print page icon Priontáil

Deonann paitinn an ceart dá sealbhóir, ar feadh tréimhse teoranta, cosc a chur ar dhaoine eile an t-aireagán paitinnithe a shaothrú (amhail déanamh, úsáid, díol, allmhairiú), ach amháin le toil úinéar na paitinne. Tá paitinn ina fhoirm ‘maoin tionscail’, ar féidir leis an úinéir a shannadh, a aistriú, a cheadúnú nó a úsáid. Bíonn éifeacht dhúichíoch ag na paitinní m.sh. níl paitinn Éireannach ach bailí in Éirinn.

Cé chomh fada agus a mhaireann paitinn?

Bíonn saolré uasta de fiche bliain ag paitinní Éireannacha, mar atá i gcás an chuid is mó de dhlínsí eile. Tairgeann Éire paitinn “ghearrthéarmach” freisin, atá bailí ar feadh uastréimhse deich mbliana. Chun paitinn a choimeád in éifeacht, ní foláir táillí bliantúl athnuachana a íoc gach bliain ag tosú ón tríú bliain.

Paitinn ar feitheamh.

 Seo téarma a úsáidtear go minic ar tháirgí chun iomaitheoirí a chur ar an airdeall go bhfuil iarratas déanta chun an t-aireagán atá i gceist a chosaint.