I ndiaidh an dea-thoraidh a bhí ar chomortas na bliana seo caite, tá lucháir mhór ar Oifig na bPaitinní Comórtas Cumadóir Óg na Blianna 2011 a sheoladh. Tá an comórtas dírithe ar pháistí bunscoile agus is í an aidhm atá leis ná páistí a ghríosadh chun cumadóireachta agus suim a spreagadh iontu san eolaíocht agus san innealtóireacht i measc daoine óga.
Is chun cur le Lá Domhanda Mhaoin Intleachtúil, a thiteann i gcónaí ar an 26ú Aibreán, a eagraíonn Oifig na bPaitinní an comórtas seo chuile bhlian .
Glacfar sa chomórtas aon idé nó aireagán ar tháirge nua nó próiséis, nó aon leasú ar tháirge atá ann cheana féin, nó aon smaoineamh a réitíonn faidhb nó a dheineann leasú ar an saol
Beidh ar an iarrthóir líníocht nó léaráid den aireagán chomh maith le tuairisc faoi a chur san iarratas ( tá tuilleadh sonraí ar seo sna riallacha).
Tá dhá aicme sa chomórtas, mar a leanas thíos, agus bronnfar duais ‘An Cumadóir Óg 2011’ ar an bhuathóir iomlán:-
B- Rang a 1 go dtí rang a 3.
B- Rang a 4 go dtí rang a 6.
Bronnfar trí dhuais ar gach aicme agus ina theannta sin beidh duais do scoil na mbuathóirí as an dá aicme.
Tá tuilleadh eolais ar Lá Domhanda Mhaoin Intleachtúil ar fáil ag www.wipo.int
www.uspto.gov/web/offices/ac/ahrpa/opa/kids
www.crackingideas.com
Is é an Aoine 15ú Aibrean, 2011 ag 5 p.m. an lá deireannach chun iarratas a chur isteach sa chomórtas. Seol iarrataisí chuig:-
Oifig na bPaitinní
Árus Rialtais
Br. Hebron,
Cill Chainnigh
guthán 056.7720111, Lo-call 1890 220223
Ní ghlacfaidh Oifig na bPaitinní iarratas ar an chomórtas mar iarratas ar phaitinn.
Má tá iarrthóir ag iarraidh paitinne ar a aireagán ba chóir dó iarratas faoi leith a dhéanamh ar dheonadh paitinne. Tá sonraí ar é seo ar www.patentsoffice.ie/en/patents_apply.aspx.
Bá chóir é a lua ar an iarratas le haghaidh an chomórtais seo má tá an t-iarrthóir i ndiaidh iarratas a chur ar phaitinn le haghaidh an aireagáin chéanna.