Tá Maoin Intleachtúil (MI) go fliúrseach thart orainn. I gcoitinne, is de thoradh sleabhra fada de nuálaíochtaí beaga agus móra, bíodh siad athruithe i ndearaí, nó feabhsaithe ar dhreach nó feidhmiú a chuireann snas ar na hearraí agus na seirbhísí a úsáideann muid sa saol laethúil inniú. Tóg mar shampla an fón póca, atá anois ina urlis riachtanach do gach gnó beag nó mór. Tá cosaint phaitinne ar na codanna éagsúla teicniúla. Is dócha go bhfuil an dearadh cosainte ag cearta dearaí tionscail. Beidh ainm an bhranda faoi chosaint ag trádmharc atá inaitheanta láithreach. Clúdóidh cóipcheart gach cineál fograíochta agus ábhar molta air chomh maith leis an lámhleabhar teagaisc.
Is cuma cén t-ábhar a dheineann fiontar trádála nó cén tseirbhís a chuireann sé ar fáil, tá gach seans go bhfuil sé ag úsáid agus ag cruthú neart maoin intleachtúil . Mar shampla, tá ainm trádála ag beagnach gach fiontar gnó chomh maith le ceann nó dhó de thrádmharcanna arb’ fhiú dóibh macnamh ar a gcosaint. Cruthóidh cuid mhaith díobh dearaí éagoitinneacha agus bíonn lámh ag cuid acu ar díol, scaipeadh nó foilsiú saothar a bhfuil cóipcheart air. Tá seans maith go raibh lámh ag cuid acu ar chumadh aireagáin nó feabhsú táirge nó seirbhíse.
Maoin Intleachtúil i bPleanáil Gnó
Is fiú do fiontraithe forásacha agus gníomhaíochtaí gnó úsáid éifeactach a bhaint as luach a gcuid maoin intleachtúil (a bhí daomhaoin go dtí seo) ina gcuid stratéisí gnó. Tig le comhlachtaí ( a bhfuil meas acu ar luach a gcuid MI agus a dhíríonn am agus achmhainn ar a cosaint agus ar a húsáid mar chuid dá stratéis ghnó) a gcumas iomaíochta a fheabhsú i morán slite, agus i gcásanna áirithe is gaoth mhór sna seoltaí dóibh an dóigh a chuidíonn sé lena mborradh taobh istigh dena dtionscal féin.
Agus plean gnó a réiteach agat, déan macnamh ar na pointí a leanas seo i dtaobh MI:
An bhfuil ábhair nó seirbhísí agat le gnéithe sainiúla arb fhiú cosaint a fháil orthu?
An dtig leat do chuid MI, nó an t-eolas bainteach léi, a úsáid chun iomaíocht do ghnó a fheabhsú?
An mbeidh éifeacht ar chlaonadh an mhargaidh nó feabhsaithe teicneolaíochta ar do ghnó, do MI nó an gá a bhéas leo feasta?
An bhfuil seans go bhfuil tú ag sárú MI de chuid daoine eile agus ag fágáil cliathán oscailte roimh fogha costasach dlíthiúil uathu.
Má chríochnaíonn tú an ceistneoir ar MI tabharfaidh sé creatlach úsáideach duit ar a dtig leat straitéis gnó a chumadh no fiú straitéis ceadúnais MI a chur ar bun le haghaid do chuid cliantaí .
Nuair a chuireann gnó meas ar MI agus pleanáil á réiteach aige, téann sé chun a leasa sna réimsí seo a leanas:-
- Cothaíonn sé aitheantas láidir corpráideach chomh maith le somhaoin luachmhar sa stratéis trádmharcach agus brandach
- Bíonn teacht níos éasca aige ar chaipiteal-chun-fiontair chomh maith le soláthrú airgid chun taighde & forbairt, feabhsú táirge srl.
- Cuireann sé deis dóibh córais rathúla ceadúnais a bhunú
- Tig leo bac a chur ar an iomaíocht cóip a dhéanamh ar a gcuid táirgí.
Sa lá atá inniú ann is minic a bhíonn luach níos mó ar shócmhainní doláimhsithe an chomhlachta – siad sin an fhoireann fhéin, saineolas ar aireagáin, brandaí, dearaí, agus torthaí eile a chuid cruthaíocht intleachtúil agus a nuálaíocht - ná ar a shócmmhainní fisiciúla. Tig le maoin intleachúil ról riachtanach a imirt i rath trádálach de chuid comhlacht ar bith a bhfuil dúil ann borradh sa mhargadh trí bheith chun tosaigh le táirgí úra nuálacha, agus trí dhílseacht coistiméirí a chothú. Is chun leas an chomhlachta a théann an tairbhe a bhaineann sé as a chuid sócmhainní doláimhsithe nuair a thapaíonn sé na deiseanna atá ar fáil sa Chóras Maoin Intleachtúil.
Tuilleadh Eolais
Tá béim ghnó ar an ábhar ar an leathanach bainteach leis an rannóg SME de chuid an World Intellectual Property Organisation
http://www.wipo.int/sme/en/managing_ip.html
Má tá tuilleadh eolais uait is dtaobh cosaint MI, paitinní, dearaí, trádmharcanna agus cóipcheart, tig leat amharc ar ár suíomh idirlín
Cuirfidh “an tEolaí dea-Chleachtaidh” (ina bhfuil 10 moladh soiléire ar conas MI a shníomhadh isteacht sa ghnó) led’ eolas agus fios ar chúrsaí MI
Ag cuardú MI ar-líne
Tá neart foinsí eolais ar fáil don phobal ar an Idirlíon saor in aisce ar na hinnill cuardaigh i dtaobh teicneolaíocht, brandáil ( trádmharcanna), agus dearaí tionscail.
Ar ndóigh ní cuardach iomlán a bhéadh ina leithéid agus is fearr nach orthu siúd amháin a deanfaí cinnte gnó. Tá sé molta, sula ndéanfar cinnte tábhachta gnó, go ndeanfaí teagbháil le aturnae paitinní nó trádmharcanna a dhéanfadh cuardach proifisiúnta duit.
Taiscí Sonraí MI ar-líne