Canathaobh ab fhearr Dearadh a chlárú?

Print page icon Priontáil

Cruthaíonn an clárú ceart maoine ar a nglaoítear ‘ceart dearaidh’ agus is leis an sealbhóir cláraithe an ceart dearaidh sin. 

Bronann clárú ceart dlíthiúil a chuireann, ar choiníolacha áirithe, cumas i lámha an tsealbhóra cosc ar éinne eile faoi úsáid an dearaidh.

Bronann sé ceart eisiach ar an sealbhóir ceadúnas a thabhairt do dhaoine eile ar úsaid an dearaidh.

Is féidir i  gcásanna áirithe gur coir coirpeach in aghaidh an Acht um Dearaí Tionscail, 2001 aon úsáid fhealltach ar dhearadh cláraithe nó seilbh ar tairgí ar a bhfuil dearadh cláraithe mura bhfuil cead faighte ón sealbhóir.

Is  coir é cur i gcéill i dtaobh ‘dearadh cláraithe’.  Níl cead ‘dearadh cláraithe’ a chur ar tháirge ach i gcás go bhfuil an dearadh cláraithe go fírinneach. 

Cén fad a maireann an chosaint ar an Dearadh?

I ndiaidh an chláraithe maireann an chosaint 5 bliana ar dtús ach is féidir an chosaint  a athnuachadh chuile 5 bliana go dtí an uasteorainn ama de 25 bliana.