Le haghaidh cláruithe caithfidh go bhfuil an dearadh úrnua agus go bhfuil gné faoi leith ag baint leis.
- Glactar gur dearadh úrnua é ceann nach raibh ceann ionann leis nochta os comhair an phobail roimh data glactha an iarratais ar clárú nó, an dáta tosaíochta má ghlactar lena leithéid.
- Glactar leis go bhuil ‘ghné faoi leith’ ag baint leis an dearadh má bhíonn sé difriúil, dar le duine feasach, ó aon dearadh a bhí os comhair an phobail roimhe sin.
Go traidisiúnta bhain na dearaí cosanta le hábhair dhéantúsaíochta, mar shampla cruth bróige, dearadh fáinne cluaise nó an máisiú ar phota tae. Ach, sa saol digiteach tá an chosaint i roinnt tíortha ag leathnú thar ábhair eile agus cineálacha eile dearaí. Ina measc tá samhlacha atá cruthaithe ag códanna ríomhaire, cló-aigheanna, léirithe graificeacha ar scáileáin, gutháin phóca srl.
Céard nach féidir clárú?
Ní féidir dearaí a chlárú má bhíonn siad bainteach le feidhmiú ábhair nó le codanna nach mbíonn le feiscint, nó dearaí a bheadh in aghaidh polasaí poiblí nó na ghnáth-mhoráltachta nó cinn a bhéadh ag sárú saothar a bhfuil cosaint cóipchirt air. Tá tuilleadh eolais faoi seo san Acht um Dearaí Tionscail, 2001 .